Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 109
Scéim Maoinithe Teangacha Baile do Leabharlanna Scoile
939 Scoil
72 Teanga
Gníomh 2.E.4
4,409 Leabhar Teangacha Iasachta faighte ar iasacht
Léargas Ginearálta:
Cuireadh an Scéim Maoinithe Teangacha Baile do Leabharlanna Scoile ar fáil do gach bunscoil agus iarbhunscoil in 2023 de bharr éileamh méadaithe. Cuireann an scéim ar chumas scoileanna ábhair a fháil i
dteangacha éagsúla chun tacú le caomhnú theangacha baile na scoláirí. Bhí an scéim seo ó reáchtáil ó bhí
2019 ann.
Leanadh le comhoibriú idir Tionscadal Taispeána Leabharlainne TSCS agus Ionad Oideachais Laoise don
tionscadal ‘Pobal Muintearais’.
Príomhaidhmeanna:
•
Ábhair a chur ar fáil do leabharlanna bunscoile agus iar-bhunscoile i réimse teangacha ábhartha baile atá
sa scoil
•
Uileghabhálacha a chothú trí theangacha baile a aithint agus teachtaireacht dhearfach a chur chuig
foghlaimeoirí go bhfuil tábhacht lena bhféiniúlacht teanga
•
Is féidir le foghlaimeoirí tarraingt ar a n-eolas ar theanga bhaile chun téacsanna a thuiscint agus iad féin a
chur in iúl.
•
Teangacha baile a úsáid chun tacú le forbairt scileanna litearthachta a aistríonn go teanga an tseomra
ranga
•
Tacú le caomhnú teangacha baile
Gníomhaíocht:
Tacaíodh le 939 scoil in 2023 do Scéim Maoinithe Teangacha Baile do Leabharlanna Scoile, 721 bunscoil agus
218 iar-bhunscoil. Fuair scoileanna ábhair in 72 teanga. Ba iad na teangacha is mó tóir ná Úcráinis, Fraincis,
Polainnis, Rúisis, agus Spáinnis. Fuair na scoileanna leabhair, cluichí ábhartha, irisleabhair agus uirlisí
digiteacha amhail pinn chainte. Ba iad na leabhair a raibh an glacadh is mó acu ná leabhair dhátheangacha,
agus úrscéil aoisoiriúnacha.
Leanann TIBÉ de bheith ag comhoibriú le Tionscadal Taispeána Leabharlainne TSCS trí chur le bailiúchán
Leabharlann Dhigiteach Teangacha Baile TSCS, a ligeann do scoileanna teacht ar ríomhleabhair agus
closleabhair teangacha iasachta. Seiceáladh 4,409 leabhar nach raibh i mBéarla in 2023.
Leanadh leis an gcomhoibriú le hIonad Oideachais Laoise ar an tionscadal ‘Pobal Muintearais’ in 2023 le
maoiniú ar fáil do scoileanna rannpháirteacha chun leabhair a fháil i dteangacha iasachta chun tacú le
hoideachas idirchultúrtha.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
109