Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 11
Inspiring Language Teaching and Learning for the Future
Cruinniú Mullaigh Languages Connect
Dé Sathairn an 14 Deireadh Fómhair 2023, Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath
Thug an t-imeacht seo múinteoirí agus páirtithe leasmhara le chéile ó gach teanga chun ceiliúradh a
dhéanamh ar dhul chun cinn straitéis Languages Connect agus le féachaint chun tosaigh. Bhí an deis ag gach
duine éisteacht le heochairchainteoirí atá ina saineolaithe ar fhoghlaim teangacha agus folláine, comhoibriú
agus comhroinnt a dhéanamh le comhghleacaithe, scileanna agus straitéisí nua a fhoghlaim i gceardlanna
arna n-óstáil ag múinteoirí do mhúinteoirí, foghlaim teangacha amach anseo a ghríosú, agus deis a chur ar
fáil do pháirtithe leasmhara agus múinteoirí ábhartha caidrimh a bhunú lena chéile. Ba iad na téamaí, a
roghnaíodh chun tosaíochtaí straitéis Languages Connect agus scéalta ratha cur i bhfeidhm a léiriú, ná:
Ceiliúradh | Comhoibriú | Éagsúlú | Cuimsiú | Nuálaíocht | Inspioráid
I measc na n-ábhar ar tarraingíodh aird orthu ar an lá bhí FCÁT, teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha, agus
modheolaíochtaí a chuireann cuimsiú chun cinn. Deis a bhí sa chruinniú mullaigh chun an dul chun cinn
suntasach a rinneadh i roinnt réimsí a thaispeáint agus ceiliúradh a dhéanamh air.
Páirtithe Leasmhara
D'oibrigh an Roinn Oideachais, Oide, Oide Teicneolaíocht san Oideachas, Léargas, agus COGG i gcomhpháirt le
TIBÉ, ag cur ceardlanna ábhartha ar fáil. Bhí baint ag go leor comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara
oideachais eile sna ceardlanna agus scaip siad eolas ar mhúinteoirí ag an imeacht lenar áiríodh CNCM, CSS, an
Chomhairle Mhúinteoireachta, deich nInstitiúid Ardoideachais (IAOnna), 13 ambasáid agus institiúid
chultúrtha, agus na Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí.
Rannpháirtithe
Ba iad múinteoirí na dteangacha a mhúintí go traidisiúnta, is iad sin an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an
Spáinnis a bhí sa chuid is mó de na rannpháirtithe. É sin ráite, bhí líon suntasach rannpháirtithe ann ó
theangacha nua nach múintear chomh minic céanna, lena n-áirítear Iodáilis, Seapáinis, Mandairínis, Liotuáinis,
Polainnis, Portaingéilis, agus Rúisis. Bhí múinteoirí ann a mhúineann Araibis, Breatnais agus Cóiréis mar aon le
cohórt múinteoirí a rinne ionadaíocht ar na teangacha nach bhfuil ar an gcuraclam lena n-áirítear Ollainnis,
Gréigis, Laitvis, Rómáinis, agus Tuircis. Bhí líon suntasach múinteoirí Gaeilge i láthair chomh maith. Ar an
iomlán bhí 700 múinteoir inseirbhíse ann, ar chuir cuid mhaith díobh ceardlanna ar fáil.
Mar thoradh ar an gcomhoibriú dlúth le comhghleacaithe a bhfuil baint acu le hoideachas múinteoirí sna
IAOnna, bhíomar in ann páirt a thabhairt do 140 mac léinn Oiliúint Tosaigh Múinteoirí san imeacht. Deis a bhí
ann do mhúinteoirí don todhchaí ceangal a dhéanamh le múinteoirí eile, foghlaim ó na deiseanna um
fhorbairt ghairmiúil, fáil amach faoi na líonraí proifisiúnta múinteoirí, comhoibriú lena bpiaraí, agus eolas a
chur ar na Pobail Foghlaim Ghairmiúil ábhartha ar na meáin shóisialta.
D'fhreastail 169 Cúntóir Teangacha Iasachta (CTI) ar an lá chomh maith, a tháinig ó na tíortha seo a leanas: an
Ostair, an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeapáin agus an Spáinn. Toisc gur dhírigh an
Cruinniú Mullaigh ar cheiliúradh a dhéanamh ar straitéis Languages Connect agus ar chur chun cinn agus
tacú an oideachais teangacha in Éirinn, chuir sé deis uathúil ar fáil don ionduchtú bliantúil do na CTInna.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
11