Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 110
Tionchar:
•
Thuairiscigh scoileanna gurb iad na buntáistí ba shuntasaí leabharlann scoile fheabhsaithe, scoláirí a
labhraíonn a dteaghlaigh teangacha seachas Béarla agus Gaeilge ag mothú go raibh siad cuimsithe, agus
scoláirí le teangacha baile a bheith in ann teacht ar acmhainní a thacaíonn lena gcuid foghlama..
Aiseolas ó scoileanna ag glacadh páirt sa Scéim Maoinithe Teangacha Baile do Leabharlanna Scoile:
‘Is breá leis na páistí na húrscéil
ina dteangacha baile… Léigh siad go leor de na leabhair d
chuid Roald Dahl a aistríodh i ndiaidh Lá Roald Dahl ar scoil i mí
Mheán Fómhair. D’iarr roinnt páistí orm níos mó úrscéil a cheannach
ina dteangacha baile chun leanúint ar aghaidh ó na leabhair a léigh siad
amhail Diary of a Wimpy Kid i Rúisis, Harry Potter in Úcráinis agus tá triúr
cailíní againn a labhraíonn Portaingéilis ar mhaith leo níos mó úrscéil
Phortaingéilise a fháil.’
‘Bhí lúcháir ar na páistí nuair a fuair siad na leabhair. Bhí siad thar a bheith
buíoch agus mhothaigh siad go raibh siad cuimsithe.’
‘Is breá leis na páistí a dteangacha baile a fheiceáil ar taispeáint sa leabharlann.’
‘Bród as an dátheangachas.’
‘Bíonn scoláirí sásta nuair a aithníonn siad a dteangacha
baile ar taispeáint ar an tseilf. Cuireann sé le feasacht i measc
scoláirí ar na teangacha eile a labhraítear.’
Na Chéad Chéimeanna Eile:
110
•
Leanúint ag tacú le Tionscadal Taispeána Leabharlainne TSCS
•
Acmhainní a fhorbairt chun tacú le scoileanna le húsáid leabhair atá i dteangacha baile an tseomra ranga
•
Riachtanais na scoileanna a mheas ar bhonn leanúnach maidir le hacmhainní sna teangacha baile
•
Úsáid leabhair sna teangacha baile a spreagadh mar chuid de ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -