Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 111
Goal 2 - Ag Dul Chun Cinn
Léiríonn obair TIBÉ maidir le tacú le héagsúlú an tsoláthair teangacha go dtacaíonn réimse múnlaí éagsúla le
scoláirí a bhfuil riachtanais éagsúla acu ó chomhthéacsanna éagsúla. I gcásanna áirithe, oibríonn na ranganna
atá sceidealaithe laistigh den amchlár rialta go maith agus tá cohórt múinteoirí fostaithe ag scoileanna atá in
ann leas a bhaint as an scéim leithdháilte breise, spreagadh do scoileanna chun soláthar teangacha a éagsúlú.
Cuireann úsáid múinteoirí cuartaíochta lasmuigh den chuóta deis ar fáil do scoláirí ó dhá scoil nó níos mó chun
rochtain a fháil ar ranganna nach mbeadh ar fáil seachas sin, agus tugann sé am do scoileanna chun ábhar
teanga nua a thriail le riosca teoranta toisc go mbíonn na múinteoirí fostaithe ag TIBÉ agus tacaíonn siad leo.
Áit nach mbíonn fáil ar theangacha a cuireadh leis an gcuraclam le déanaí agus cinn nach múintear go minic i
scoileanna toisc nach leor líon na scoláirí chun tairseach chriticiúil a bhaint amach, cuireann ranganna ar an
Satharn agus ranganna ar líne leis an gcothroime agus cuireann siad modh soláthair ar fáil atá cost-éifeachtúil.
Is féidir le scoláirí a bhfuil suim acu sa sprioctheanga dul i ngleic léi agus cuireann na ranganna deis ar fáil do
scoláirí ag a bhfuil teangacha oidhreachta pointí Ardteistiméireachta a ghnóthú, pointí a d’fhéadfadh difear
suntasach a dhéanamh do na conairí atá ar fáil dóibh ag an tríú leibhéal agus ina dhiaidh sin.
Oibríonn foghlaim chumaisc go maith i mBord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin, áit a
bhfuil fonn comhoibrithe ar roinnt scoileanna. Bíonn Boird Oideachais agus Oiliúna in ann ranganna a sceidealú
ag an am céanna agus comhroinnt múinteoirí a éascú. Roinneann siad córais TF a thacaíonn le soláthar ghné ar
líne an chúrsa. Mar sin, táthar ag súil go mbeidh fáil ar an múnla cumaisc soláthair i scoileanna i níos mó de na
Boird Oideachais agus Oiliúna, rud a ligfeadh do líon suntasach cainteoirí imirceacha Polainnise litearthacht a
choinneáil ina dteanga bhaile.
Is deacair a fheiceáil conas a thacódh múnla amháin soláthair agus fostaíochta múinteoirí le cur i bhfeidhm na
straitéise. Níl múnlaí soláthair nuálacha agus malartacha ar nós foghlaim chumaisc agus ranganna ar líne
oiriúnach do gach comhthéacs agus teastaíonn go leor ama chun na múinteoirí a oiliúint san oideolaíocht atá
de dhíth.
Leanfaidh TIBÉ ar aghaidh ag fiosrú roghanna éagsúla maidir le soláthar teangacha agus leanfaidh siad ar
aghaidh ag cur oiliúint bhreise agus FGL ar fáil chun tacú le comhtháthú múinteoirí na dteangacha seo chun a
chinntiú go bhfuil modheolaíochtaí teagaisc oiriúnach don fheidhm. Déanfaidh TIBÉ fiosrú freisin ar roghanna
breise chun tacú le múinteoirí teanga atá oilte go hidirnáisiúnta bogadh trasna agus oiriúnú do chomhthéacs
oideachais na hÉireann. Coimeádfaimid riachtanais na scoláirí mar phríomhfhócas freisin agus leanfaimid ag
déanamh monatóireacht ghéar ar a n-eispéireas foghlama. Déanfaidh patrúin dhéimeagrafacha, bunaithe ar
chomhoibriú luachmhar ambasáidí idirnáisiúnta, déanfaidh siad eolas chomh maith don soláthar do scoláirí
teanga oidhreachta.
Molann an straitéis forbairt na dteangacha Áiseacha agus beidh gá le bearta spriocdhírithe breise chuige seo.
Is gá conairí oideachais múinteoirí do theangacha nua na hArdteistiméireachta a fhorbairt. Braitheann cur i
bhfeidhm agus forbairt na dteangacha Áiseacha san iar-bhunscoil faoi láthair ar acmhainn ‘thimpisteach’ m.sh.,
múinteoirí atá cáilithe go hidirnáisiúnta a tháinig chun cónaí in Éirinn, nó múinteoirí Éireannacha a raibh cónaí
orthu sa tSín nó sa tSeapáin agus a rinne iarracht ar leith an teanga a shealbhú. Chuir an ‘víosa fanacht siar’ do
mhic léinn iarchéime neamh-LEE acmhainn shealadach ar fáil freisin ach caitear go leor ama ar ionduchtú, oiliúint
agus meantóireacht, agus is dúshlán í inbhuanaitheacht níos fadtéarmaí.
Deis mhaith atá sa mhodúl ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ chun taithí béim níos mó a tharraingt ar theangacha
Áiseacha. Deis a bheidh i dtabhairt isteach teangacha iasachta i gcuraclam na bunscoile do gach dalta chun
tuiscint a fháil ar an luach a bhaineann le caomhnú teangacha breise baile chomh maith le teangacha nua
fhoghlaim. Roghnóidh níos mó daoine chun staidéar a dhéanamh ar theangacha iasachta ag leibhéal iarbhunscoile má chuirtear i bhfeidhm go maith é. Roimh chur i bhfeidhm an churaclaim nua, leanfar den úsáid a
bhaintear as ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ chun tacú le daltaí a chur ar an eolas maidir leis na teangacha a
úsáideann a bpiaraí, agus chun roghnú teanga iasachta ag leibhéal iar-bhunscoile a spreagadh. Leanfar den
taighde ar riachtanais FGL agus uasoiliúna teanga na múinteoirí mar chuid den ullmhúchán roimh chur i
bhfeidhm an churaclaim nua.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
111