Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 114
Scaipeadh ag Comhdhálacha agus Imeachtaí
Gníomh 3.A.1
Breis is 20 Comhdháil agus Comhoibriú le Páirtithe Leasmhara
Léargas Ginearálta:
I spiorad Straitéis Languages Connect agus tiomantas chun oideachas teanga a fheabhsú, a éagsúlú, agus a
chur chun cinn, thug TIBÉ páipéir ag comhdhálacha éagsúla i gcaitheamh na bliana. Bhí sé mar aidhm ag na
cuir i láthair seo eolas a scaipeadh ar obair agus tacaíochtaí TIBÉ, dea-chleachtas a roinnt, comhpháirtíochtaí a
chothú, agus fáilte a chur roimh chomhoibriú nua.
Príomhaidhmeanna:
•
Eolas a scaipeadh ar obair TIBÉ maidir le príomhghníomhartha i Straitéis Languages Connect a chur i
bhfeidhm
•
Eolas a chur ar fáil do mhúinteoirí, príomhoidí, agus páirtithe leasmhara teanga ar an tábhacht a
bhaineann le teangacha iasachta a fhoghlaim ag leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon
•
Dul i mbun plé agus fáilte a chur roimh aiseolas agus tuairimí ar fhoghlaim teangacha iasachta i
mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
•
Comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt le páirtithe leasmhara
Gníomhaíocht:
In 2023, lean TIBÉ ag cur le comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Thug na comhdhálacha seo deis
do TIBÉ tionscadail a scaipeadh, scéalta ratha a roinnt agus dul i mbun plé le páirtithe leasmhara ag leibhéal
idirnáisiúnta.
114
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -