Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 116
NÁISIÚNTA:
Language and Education Policy in Ireland: Reimagining
Continuity and Embracing Change
18-19 Bealtaine 2023 – Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Thug ceathrar ó fhoireann TIBÉ cur i láthair ag an gcomhdháil seo. Thug an Dr Kenia Puig i Planella cur i láthair
ar ‘Cur le héagsúlacht i dteagasc NTI inár scoileanna trí chúrsaí cumaisc’, thug an Dr Chang Zhang cur i láthair
ar ‘Oiliúint Tosaigh Múinteoirí do theangacha nua agus cinn nach múintear go minic i scoileanna na hÉireann,
agus thug Laura Quigley cur i láthair ar ‘FCÁT NTI – Cur chuige píolótach d’iar-bhunscoileanna in Éirinn’.
Chuir Stiúrthóir TIBÉ, Karen Ruddock obair i láthair maidir le cur i bhfeidhm Straitéis Languages Connect,
chomh maith le taighde a rinneadh sa chomhthéacs seo, mar chuid de Phainéal Pholasaí Teangacha san
Oideachas.
UDL International Symposium
Multilingualism in Ireland
8-9 Meitheamh 2023 – Ollscoil Mhá Nuad
7-8 Meán Fómhair 2023 – Coláiste na hOllscoile, Baile
Átha Cliath
Thug an Dr Chang Zhang cur i láthair in éineacht leis
an Dr Hongfei Wang (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha
Cliath) ‘From UDL to AEN’ ar an ngá le haghaidh a
thabhairt ar dhúshláin DUF (Dearadh Uilíoch don
Fhoghlaim) agus athmhachnamh a dhéanamh ar
RBO (Riachtanais Bhreise Oideachais), go háirithe
maidir le disléicse, i gcomhthéacs sholáthar agus
sealbhú teangacha nua agus cinn nach múintear go
minic i scoileanna na hÉireann.
Cumann Litearthachta na hÉireann
Towards 250 Years of Modern Languages
11 Samhain 2023 – Institiúid Oideachais Marinon
12 Nollaig 2023 – Tríú Leibhéal, Acadamh Ríoga na
hÉireann
Thug Salcio Cacciato ceardlann ar ‘Exploiting
pupils' linguistic potential: Say Yes to Languages’.
Díríodh sa seisiún ar straitéisí éifeachtacha
d’fhorbairt feasachta agus litearthachta teanga a
threisíonn stór ilteangach na ndaltaí.
116
Thug an Dr Chang Zhang an cur i láthair ‘What are the
next steps for Asian languages in Ireland?’ ag an
gcomhdháil seo. Pléadh soláthar theangacha na hÁise
sa seisiún seo agus moladh straitéisí, lenar áiríodh
tacaíocht dhírithe d’fhoghlaim teangacha oidhreachta
agus teangacha iasachta, cáiliú múinteoirí, agus
dearcthaí foghlama teanga a athmhúnlú laistigh de
chreat na Straitéise Languages Connect.
Thug Karen Ruddock cur i láthair ar an dul chun
cinn a rinneadh maidir le cur i bhfeidhm
príomhghníomhartha sa Straitéis Languages
Connect i gcomhthéacs painéal ar ‘Taking Stock Policies, Challenges and Opportunities’.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -