Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 118
Comhdhálacha Bhainistíocht Shinsearach Scoileanna
agus Seisiúin Chomhairleacha
5 Chomhdháil
865 Duine i Láthair
Gníomh 3.A.1
31 Seisiún
Léargas Ginearálta:
In 2023, lean TIBÉ ag obair le foirne bainistíochta sinsearaí scoileanna (FBS), ag cabhrú le scoileanna le
comhairle agus tacaíochtaí do sholáthar NTI.
Príomhaidhmeanna:
•
Cuir foirne bainistíochta sinsearaí ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le foghlaim teanga do gach
scoláire
•
Roghnú, leathnú agus éagsúlú teangacha iasachta a spreagadh taobh istigh de scoileanna.
•
Cuir na tacaíochtaí atá de dhíth ar FBSanna ar fáil dóibh chun soláthar teangacha a fheabhsú.
Gníomhaíocht:
Seisiúin Tacaíochta NTI Scoile Uile
Tar éis athbhreithniú ar an gclár de sheisiúin chomhairleacha FBS, aontaíodh ar chur chuige athnuaite don
scoilbhliain 2023-24 le béim ar thacú le scoileanna ina bhfuil Oifigigh Forbartha Teanga de chuid TIBÉ
fostaithe. Lean na Seisiúin Chomhairleacha FBS seo de thacaíocht a chur ar fáil d’fhoirne scoileanna trí shúil a
chaitheamh ar sholáthar NTI iomlán na scoileanna. Anuas air sin, tacaíodh le hOifigigh Forbartha Teanga de
chuid TIBÉ tríd an gcuairt trí bhreathnóireachtaí ceachta agus tríd an tacaíocht a tugadh do phlé gairmiúil.
Comhdhálacha
In 2023, bhí seastáin agus ionadaithe ag TIBÉ ag comhdháil Chumann na Scoileanna Pobail agus
Cuimsitheacha (ACCS) i gCill Airne agus ag comhdháil Bhoird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann i
gCorcaigh, a reáchtáladh i mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair 2023 faoi seach.
Bhí seastán agus cainteoirí ag TIBÉ ag na himeachtaí trasearnála Le Chéile a bhí ar siúl i mí Feabhra, mí an
Mhárta agus mí Bealtaine.
Tionchar:
•
Fuarthas aiseolas dearfach maidir leis na seisiúin chomhairleacha FBS i scoileanna, le rannpháirtithe ag rá
go raibh ábhar machnaimh sna seisiúin agus gur thacaigh siad le soláthar NTI ina scoileanna
•
Trí fhreastal agus labhairt ag na comhdhálacha ábhartha, bhí deiseanna ag TIBÉ chun líonrú a dhéanamh
le foirne bainistíochta sinsearaí agus chun tacú leo chun roghnú, éagsúlú, agus leathnú sholáthar NTI ina
scoileanna spreagadh
118
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -