Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 120
Comhoibriú leis an gCigireacht
Gníomh 3.A.1
Tugadh eolas do 40+ Cigire
Léargas Ginearálta:
In 2023 thacaigh TIBÉ le hobair Chigireacht na Roinne Oideachais trí shraith de sheisiúin chomhairleacha do
chigirí iar-bhunscoileanna a fhorbairt agus a chur ar fáil, agus trínár gcuid oibre leis an scéim Cúntóirí
Teangacha Iasachta (CTI).
Príomhaidhmeanna:
•
Uasdátaithe ábhartha a chur ar fáil do chigirí chun tacú lena gcuid oibre a bhaineann le comhairle a chur
ar scoileanna maidir le curaclam leathan cothromaithe a sholáthar
•
Tacú le CTInna trí chomhoibriú agus plé rialta leis an gCigireacht maidir le ceisteanna a thagann aníos
Gníomhaíocht:
I rith 2023, d’oibrigh TIBÉ go dlúth leis an gCigireacht le cinntiú go mbeadh cigirí muiníneach ina gcomhráite
maidir le soláthar teangacha i scoileanna agus iad ag tabhairt faoi chuairteanna tacúla meastóireachta. I mí
Meithimh 2023, tugadh cuireadh d’ionadaithe TIBÉ chun cruinniú uasdátaithe a thabhairt do gach cigire iarbhunscoile maidir leis an straitéis Languages Connect.
Áiríodh leis an bhfócas ag an gcruinniú seo soláthar faisnéise maidir le hathruithe curaclaim ábhartha agus
athruithe i dtírdhreach sholáthar NTI laistigh de scoileanna, chomh maith le heolas maidir le tacaíochtaí atá ar fáil,
agus chun comhairle a chur ar fáil do chigirí maidir leis an gcaoi is fearr ar féidir leis na cigirí tacú le scoileanna a
dteastaíonn cúnamh uathu lena soláthar Nuatheangacha Iasachta (NTI).
I mí Mheán Fómhair 2023, tugadh cuireadh do TIBÉ arís chun labhairt le cigirí iar-bhunscoile. Díríodh sa seisiún ar
na riachtanais shainaitheanta atá ag cohórt múinteoirí a earcaíodh le déanaí agus díríodh ar thacú leo le gné NTI
dá gcuid oibre le scoileanna le linn réimse múnlaí cigireachta.
I gcaitheamh 2023, d’oibrigh TIBÉ go dlúth leis an gCigireacht chomh maith chun tacú lenár gcuid oibre laistigh
den scéim Cúntóirí Teanga Iasachta. Áiríodh leis seo comhchruinnithe chun tacú le riachtanais CTInna aonair, mar
aon le seisiúin aiseolais a d’eascair as cruinnithe éagsúla laistigh den Roinn Oideachais leis na gníomhaireachtaí
seolta ábhartha sna tíortha ag a bhfuil comhaontú cómhalartach ag Éirinn leo laistigh den scéim.
Tionchar:
•
Mar thoradh ar obair a rinneadh le chéile in 2023, tá feasacht uasdátaithe ag cigirí maidir le staid reatha na
himeartha maidir le cur i bhfeidhm spriocanna Languages Connect.
•
Trínár gcomh-obair leis an scéim CTI, tá CTInna tar éis tairbhe a bhaint as tacaíocht a d’eascair as múnla
agus comhoibríoch agus aontaithe.
Na chéad chéimeanna eile:
120
•
Obair thrasearnála a fhorbairt leis an gCigireacht, trí theagmháil a dhéanamh le cigirí ag an leibhéal
bunscoile maidir le príomhfhorbairtí NTI san earnáil sin.
•
Leanúint de bheith ag tógáil ar an obair a cuireadh i gcrích in 2023, chun dul i mbun plé le cigirí iarbhunscoile tuilleadh ag a bhfuil scileanna NTI mar speisialtóireacht
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -