Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 121
Áiseanna Gairmthreorach agus Comhoibriú Páirtithe Leasmhara
Gníomh 3.A.1
20k+ Cuardach ar Aimsitheoir Cúrsa de chuid Languages Connect
Léargas Ginearálta:
Cuireann TIBÉ acmhainní agus tacaíochtaí ábhartha ar fáil do chomhairleoirí gairmthreorach chun cabhrú leo
eolas a chur ar a gcuid scoláirí maidir le rogha ábhair agus ábhair NTI, chomh maith le tacú leo sa chomhrá
maidir le nuatheanga iasachta a roghnú agus iad ag teacht isteach sa scoil, agus ag pointí aistrithe (an
Idirbhliain, mar shampla), laistigh dá scoileanna.
Príomhaidhmeanna:
•
Cuidigh le comhairleoirí gairmthreorach an t-eolas cuí a thabhairt do scoláirí agus do thuismitheoirí faoi
roghanna ábhar teanga agus faoi mhodhanna soláthair
•
Comhairleoirí gairmthreorach a chur ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le foghlaim teangacha chun
úsáid níos leithne teangacha iasachta a spreagadh.
•
Oibrigh le páirtithe cuí leasmhara chun eolas agus tacaíochtaí do chomhairleoirí gairmthreorach a
scaipeadh agus ina dhiaidh sin iad a scaipeadh ar scoláirí, tuismitheoirí agus pobal níos leithne scoile.
Gníomhaíocht:
Lean TIBÉ den tsraith acmhainní treorach de chuid Languages Connect a chur chun cinn agus a scaipeadh thar
ardáin dhigiteacha éagsúla, trí chomhoibriú le páirtithe leasmhara agus i scoileanna ar fud na tíre i gcaitheamh
2023.
I mí an Mhárta 2023, d’fhreastail TIBÉ ar chomhdháil bhliantúil Institiúid na gComhairleoirí Gairmthreorach in
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Sligeach chun eolas a chur ar fáil agus acmhainní atá ar fáil a scaipeadh.
Deis tharraingteach a bhí ann chun tacú le comhairleoirí gairmthreorach agus chun dul chun cinn na straitéise
Languages Connect a roinnt agus a phlé.
I mí an Mhárta 2023, thug TIBÉ cuir i láthair ar líne do chomhairleoirí gairmthreorach, chun feasacht a ardú
maidir le tacaíochtaí atá ar fáil agus tábhacht na dteangacha do staidéar amach anseo agus roghanna gairme.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
121