Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 122
Tar éis athbhreithniú ar acmhainní reatha, forbraíodh treoir nua bunaithe ar an
bhfíseán #ThinkLanguages ina gcuirtear béim ar ábharthacht teangacha i
ngairmeacha, agus bailíodh roinnt acmhainní reatha in aon doiciméad amháin.
Ba chóir do na hacmhainní seo tacú le comhairleoirí gairmthreorach, agus lena
gcomhghleacaithe NTI, chun leanúint de bheith ag tógáil ar chur chuige scoile
uile i leith na treorach.
Comhoibriú le CareersPortal.ie
In 2023, leanadh den chomhpháirtíocht le CareersPortal.ie, príomhshuíomh na hÉireann don ghairmthreoir.
Chomhoibrigh TIBÉ leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) chun ábhar i
nGaeilge a fhorbairt ar CareersPortal.ie, a nascann leis an obair a dhéanann TIBÉ chun cur le soláthar teanga
iomlán.
Bíonn ailt Languages Connect i ngach nuachtlitir mhíosúil de chuid CareersPortal.ie a chuirtear chuig breis
agus 4000 duine gairmiúil sa treoir. Tá tíl teanga le feiceáil ar gach earnáil de na 33 ceann ar an suíomh, agus
bíonn siad le sonrú go rialta ar phostálacha meán sóisialta de chuid CareersPortal.ie. Déantar uasdátú ar
Aimsitheoir Cúrsaí Languages Connect ar CareersPortal.ie chun na cúrsaí tríú leibhéal, a bhfuil teanga ar fáil
orthu mar phríomhábhar, mionábhar nó ábhar roghnach, a chur san áireamh. Úsáideadh an scagaire seo breis
agus 20,000 uair in 2023. Déantar feabhsuithe agus nuashonruithe leanúnacha ar an ábhar le físeáin, ábhar
agus acmhainní nua ar bhonn rialta freisin.
Comórtas Scileanna Gairme
CareersPortal.ie
Tá an Comórtas Scileanna Gairme oscailte go
gach scoláire sa tSraith Shinsearach a thug
faoi shocrúchán oibre agus is é is aidhm leis
ná scoláirí a spreagadh le tuiscint a fháil ar an
ról is féidir le scileanna a imirt ina
bhféidearthachtaí oideachais agus gairme
amach anseo. In 2023, rinne Languages
Connect urraíocht ar shainchatagóir den
chéad uair – Gradam Languages Connect do
Ghairm le Teanga Iasachta.
Cuireadh gach iar-bhunscoil ar an eolas
maidir le sonraí an chomórtais agus cuireadh
chun cinn é i nuachtlitir CareersPortal.ie.
Tugadh faoi fheachtas cumarsáide
cuimsitheach i gcaitheamh na bliana, inar
díríodh ar scoláirí, comhordaitheoirí
Idirbhliana, comhordaitheoirí GCAT,
comhordaitheoirí ATF, comhairleoirí
gairmthreorach, agus comhpháirtithe
oideachais. Foilsíodh ailt i bhfoilseacháin
rialtais, ar shuíomhanna gréasáin scoileanna,
agus ar chuntais meán sóisialta scoileanna.
122
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -