Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 123
Bhí Searmanas Bronnta 2023 ar siúl ar an 4 Bealtaine i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann i mBaile Átha
Cliath. Bhí an tAire Oideachais, Norma Foley i láthair. D’fhreastail breis is 100 duine ar an searmanas, lenar
áiríodh na scoláirí buacacha, a múinteoirí, príomhoidí, leas-phríomhoidí, comhairleoirí gairmthreorach, agus a
dtuismitheoirí.
Roghnaíodh na hiontrálacha buacacha ó ghearrliosta éachtach ar a raibh réimse éagsúla gairmeach ó gach
earnáil den gheilleagar. Chuir nach mór 1,000 scoláire isteach ar an gcomórtas, ó 124 scoil ar fud na tíre.
Bhain 33 scoláire an gearrliosta amach, ó 28 scoil. Ba í Ana Isabel Cámara Gutiérrez, Scoil Mhuire, Droichead
Átha, Contae Lú a bhuaigh catagóir Languages Connect, agus bronnadh MacBook Air uirthi.
Tionchar:
•
Feasacht mhéadaithe i measc príomhpháirtithe leasmhara in earnáil na treorach maidir le tábhacht
teangacha i gcomhthéacs na ndeiseanna staidéir agus gairme
•
Rannpháirtíocht shuntasach le hacmhainní ar líne ar shuíomh gréasáin CareersPortal.ie, lena n-áirítear
330,241 amharc ar Leathanach na dTeangacha agus 19,125 cuairt ar Thíleanna Teanga de réir earnála.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint de bheith ag méadú an chomhoibrithe, agus féachaint ar dheiseanna eile rannpháirtíochta, le
gach páirtí leasmhar ábhartha lena n-áirítear comhairleoirí gairmthreorach, Institiúid na gComhairleoirí
Gairmthreorach, CareersPortal.ie agus seirbhísí tacaíochta gairmiúla eile.
•
Leanúint le páirt a bheith againn i gComórtas Scileanna Gairme CareersPortal.ie
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
123