Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 124
Comhoibriú leis an gComhairle um Oideachas
Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG)
37 Tionscadal Aistriúcháin
Gníomh 3.A.1
3 Cheardlann Chruinniú Mullaigh AT
Léargas Ginearálta:
In 2023, lean TIBÉ agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) lena n-obair
chomhoibríoch thar raon réimsí lena n-áirítear seisiúin tacaíochta NTI a sholáthar d’Fhoirne Bainistíochta
Sinsearaí (FBS), comhthacaíocht don oideachas teanga ag Cruinniú Mullaigh de chuid Languages Connect,
agus forbairt tionscadail mhóra acmhainní d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacú le scoileanna lán-Ghaeilge le rochtain mhéadaithe do scoláirí ar acmhainní NTI i nGaeilge.
•
Tacú le scaipeadh phríomhtheachtaireachtaí Languages Connect i measc páirtithe leasmhara ábhartha
atá fostaithe in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.
Gníomhaíocht:
I mí Feabhra 2023, reáchtáladh cruinniú i Luimneach idir TIBÉ agus Oifigigh Oideachais COGG chun léargas
agus uasdátú a thabhairt ar chur i bhfeidhm na straitéise Languages Connect. Deis iontach a bhí ann agus plé
a dhéanamh agus smaointe a chomhroinnt. Mí ina dhiaidh sin, bhí Seisiún Comhairleach NTI ann d’Fhoirne
Bainistíochta Sinsearaí. Reáchtáladh an seisiún seo i gColáiste Phobail Oileán Chiarraí, Co. Chiarraí. Trí na
himeachtaí seo, bhí deiseanna ag COGG agus TIBÉ chun tuilleadh a fhoghlaim faoin nádúr agus na cleachtais
a bhaineann le hobair a chéile.
Cuireadh chun cinn an obair ar roinnt tionscadail shuntasacha aistriúcháin, lena n-áirítear Súil Idirchultúrtha
ar ár Scoileanna, malartuithe scoileanna agus an leagan Gaeilge den Fhoireann Uirlisí ‘Cuir Fáilte Roimh
Theangacha’ d’Oíche Oscailte. Dearadh an Fhoireann Uirlisí seo, foilsíodh í, agus seoladh dhá chóip chuig gach
scoil lán-Ghaeilge (81 scoil san iomlán) i mí Lúnasa 2023. Lig sé seo do scoláirí féideartha scoileanna lánGhaeilge tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ag oícheanta oscailte scoileanna, gníomhaíochtaí a thacaíonn le
teangacha a roghnú. Ag tógáil ar an obair seo, chuir COGG agus TIBÉ imeacht Gaeilge ar fáil i mí Mheán
Fómhair 2023 chun feasacht a ardú agus tacú le múinteoirí an fhoireann uirlisí a úsáid go héifeachtach agus a
hiliomad úsáidí féideartha a fhiosrú.
I mí Dheireadh Fómhair 2023, d’imir COGG ról suntasach ag Cruinniú Mullaigh de chuid Languages Connect.
Chuir siad ceardlanna ar fáil trí Ghaeilge do pháirtithe leasmhara a raibh suim acu i raon réimsí lena n-áirítear
acmhainní agus tacaíochtaí teagaisc agus foghlama d’oideachas NTI laistigh de na scoileanna lán-Ghaeilge.
Bhí ról tábhachtach le himirt ag COGG chomh maith maidir leis an gCruinniú Mullaigh a chur chun cinn i
measc páirtithe leasmhara san earnáil lán-Ghaeilge.
D’oibrigh TIBÉ agus COGG le Careers Portal chun cur leis an méid ábhair Gaeilge atá ar an suíomh, chun
méadú a dhéanamh ar an rochtain a bhíonn ag scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge ar nithe ábhartha chun
teangacha a chur chun cinn.
D’oibrigh TIBÉ le CTInna i scoileanna lán-Ghaeilge trína gclár tacaíochta. Oibríodh le gníomhaireachtaí seolta
ábhartha chun comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil de réir mar ba chuí.
124
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -