Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 126
Imeachtaí do Scoláirí
Gníomh: 3.A.1
30,000 Duine i Láthair
1,200 Múinteoir agus Comhairleoir Gairmthreorach
5 Days
Léargas Ginearálta:
Bhí taispeántais ag TIBÉ ag go leor imeachtaí do scoláirí le linn 2023, lena n-áirítear Higher Options agus
Cruinniú Mullaigh Scoileanna. Chuaigh an fhoireann i mbun plé le scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí, agus
comhairleoirí gairmthreorach agus chuir siad eolas agus acmhainní ar fáil a bhain le roghanna chun staidéar a
dhéanamh ar theangacha don tSraith Shinsearach, agus ag an tríú leibhéal, mar aon le plé a dhéanamh ar na
buntáistí pearsanta agus gairme a bhaineann le scileanna teanga.
Príomhaidhmeanna:
•
Feasacht a ardú maidir leis na buntáistí pearsanta, sóisialta agus gairme a bhaineann le scileanna teanga
agus díograis a chothú i measc na scoláirí
•
Feasacht a ardú maidir leis na tacaíochtaí agus acmhainní éagsúla a chuireann TIBÉ ar fáil do staidéar
teangacha don tSraith Shinsearach
•
Acmhainní agus eolas a chur ar fáil maidir le deiseanna chun staidéar a dhéanamh ar theangacha ag an
tríú leibhéal
•
Léargais a fháil ó scoláirí, múinteoirí, agus comhairleoirí gairmthreorach maidir le teangacha agus
acmhainní
Gníomhaíocht:
Bhí taispeántais ag TIBÉ ag Higher Options, a bhí ar siúl thar thrí lá, 20-22 Meán Fómhair, ag RDS, Cúirt
Shíomóin, agus ag Cruinniú Mullaigh na Scoileanna, imeacht do scoláirí ón Idirbhliain ar aghaidh, a bhí ar siúl
ón 27-28 Aibreán san Airéine Náisiúnta faoi Dhíon i mBaile Bhlainséir.
D'fhreastail thart ar 29,000 scoláire, múinteoir, tuismitheoir, agus comhairleoir gairmthreorach ar Higher
Options, agus bhí seastáin ann ó fhostóirí agus institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre. Fóram luachmhar is ea é
chun bualadh le scoláirí agus plé a dhéanamh ar an ról a bheidh ag teangacha ina saol, oideachas, agus gairm
amach anseo. Imeacht ar scála níos lú is ea Cruinniú Mullaigh na Scoileanna, Baile Átha Cliath ar ar fhreastail
thart ar 1,000 scoláire.
126
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -