Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 127
Tugann na himeachtaí seo deis don fhoireann chomh maith chun bualadh le taispeántóirí eile agus plé a
dhéanamh leo maidir leis an straitéis Languages Connect agus acmhainní agus tacaíochtaí ábhartha de chuid
TIBÉ.
Ag an dá imeacht, chuir seastán Languages Connect bileoga eolais atá éasca le léamh ar fáil a bhain le
tábhacht agus ábharthacht teangacha mar aon le bileoga do scoláirí, tuismitheoirí, agus comhairleoirí
gairmthreorach chun tacú le plé ag an seastán agus don lucht freastail le tabhairt leo. Tharla sé go leor
babhtaí go raibh baill den fhoireann sáite i gcomhrá le scoláirí fad is a bhí scoláirí eile ag fanacht le dul i mbun
plé le Languages Connect. Bhí scuainí iontacha mar thoradh air seo. Ba mhór ag na scoláirí na hearraí spraíúla
a cuireadh ar fáil chun tacú leis na teachtaireachtaí, lena n-áirítear málaí brandáilte; suaitheantais i
dteangacha éagsúla; pinn luaidhe; agus acmhainní teanga i naoi dteanga ar féidir iad a oscailt amach,
acmhainní atá lán de fhrásaí, cluichí, fíricí fánacha srl.
Rinne baill d’fhoireann TIBÉ agus ambasadóirí mac léinn de chuid Languages Connect plé ar thacaíochtaí
agus acmhainní Languages Connect agus thug siad treoir maidir le ról teangacha sa tSraith Shinsearach, ag
an tríú leibhéal agus ina dhiaidh. Ní raibh mórán idir na hambasadóirí teanga agus na scoláirí ó thaobh aoise
de, agus bhí siad in ann roghanna a phlé ar leibhéal níos dlúithe. Tharraing gach ball den fhoireann ar
eispéiris phearsanta chun tacú le comhráite agus eispéiris ón bhfíorshaol a chur ar fáil do scoláirí, tar éis dóibh
ar fad staidéar a dhéanamh ar theanga agus í a úsáid laistigh dá staidéar agus luath ina ngairmeacha.
Tionchar:
•
Feasacht mhéadaithe ar acmhainní agus tacaíochtaí Languages Connect i measc príomhpháirtithe
leasmhara – thart ar 30,000 duine i láthair idir Higher Options agus Cruinniú Mullaigh na Scoileanna.
•
Feasacht mhéadaithe ar ról teangacha i roghanna tríú leibhéal agus gairme
•
Eolas méadaithe i measc scoláirí ar na conairí staidéir atá ann do theangacha éagsúla sa tSraith
Shinsearach agus ina diaidh.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Coinneáil ag freastal ar imeachtaí do scoláirí in 2024
•
Tógáil ar chaidrimh le comhpháirtithe lena n-áirítear an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun litríocht
Languages Connect a chur ar taispeáint agus a chur chun cinn ar a seastáin ag imeachtaí
•
A chinntiú go bhfuil gach eolas ábhartha ar fáil do spriocghrúpaí i bhformáid chlóite ionas gur féidir leo é
a roinnt le níos mó daoine nach bhfreastalaíonn ar na himeachtaí
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
127