Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 13
Dr Marisa Pérez Cañado
Why is CLIL Worth the Hype?
Tugadh cuireadh don Dr Marisa Pérez Cañado, Ollamh i Roinn Fhileolaíocht an Bhéarla in Ollscoil Jaén, an
Spáinn, áit a bhfuil Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) i bhfeidhm le fada an lá, mar gheall
ar a saineolas i réimse FCÁT, príomhfhócas sa straitéis. Bhí an Andalúis ar thús cadhnaíochta maidir le cláir
oideachais atá dátheangach a chur i bhfeidhm a chuimsíonn FCÁT.
Ina hóráid Why is CLIL Worth the Hype?, chuir sí béim ar ábharthacht FCÁT do gach múinteoir teanga, agus
tharraing sí aird ar an tábhacht a bhaineann le foghlaim teangacha a nascadh le hinneachair ábhair. Chuir sí
FCÁT i láthair, na buanna a bhaineann leis mar aon leis na dúshláin, mar aon le réitigh chun freagairt do na
dúshláin a luadh. I measc na nithe ba shuntasaí a bhí le foghlaim bhí an rath ollmhór a bhíonn ar thorthaí
teanga i gcláir FCÁT, an fáth ar chóir diúltú d’amhras a bhaineann le foghlaim ábhair, agus an chaoi a
bhforbraíonn FCÁT scileanna boga agus príomhinniúlachtaí amhail smaointeoireacht chriticiúil, glacadh
rioscaí, cumais idirphearsanta, agus inniúlacht idirchultúrtha a mbíonn ullmhacht níos fearr d’éilimh na sochaí
mar thoradh orthu.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
13