Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 130
Ba spreagadh iontach iad na hacmhainní
nua seo, chomh maith le duais urraithe
nua i bhfoirm turais don Fhoireann
Seaimpíní agus beirt mhúinteoirí
tacaíochta chuig an gCoimisiún Eorpach sa
Bhruiséil, d’úinéireacht mhéadaithe scoláirí
i sceideal scoláirí a bhí i bhfad níos gnóthaí
ná mar a bhí sna blianta roimhe.
Leanadh le clár cumarsáide iomlán le
scoileanna ó Mheán Fómhair go Nollaig, ag
cur in iúl dóibh spriocdhátaí clárúcháin,
tairiscintí nua comhpháirtíochta, fáil ar
acmhainní agus sonraí comórtais.
Roinneadh acmhainní agus tacaíochtaí in-íoslódáilte ar shuíomh gréasáin Languages Connect. Cuireadh
pacáistí tosaigh clóite chuig na scoileanna rannpháirteacha lena n-áirítear an Lámhleabhar agus póstaeir
chun an comórtas a chur chun cinn, chomh maith le héide imeachtaí iomlána a bhí saincheaptha do líon na
scoláirí a bhí rannpháirteach sa scoil.
Reáchtáladh Seisiúin Faisnéise ar Líne agus Pobail Chleachtais freisin i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh
Fómhair chun múinteoirí a chur ar an eolas agus chun deis a thabhairt smaointe a roinnt. Dóibh siúd nach
raibh in ann freastal ar na cruinnithe seo, rinneadh taifead ar fhíseáin le Noda do Mhúinteoirí de chuid
#ThinkLanguages, inar roinneadh comhairle ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le conas an fhéile a eagrú.
Cuireadh na físeáin seo ar fáil ar an suíomh gréasáin agus roinnt iad a phoibliú trí na meáin shóisialta.
Searmanas Oscailte
Arís eile bhí meascán inspioráideach cainteoirí ag Searmanas Oscailte 2023, daoine a roinn a n-aistear
foghlama teanga agus a mhínigh an chaoi ar chuir teangacha lena ngairmeacha beatha agus lena saolta i
gcoitinne. Labhair an gairmí Dancing with the Stars, Ervinas Merfeldas, ag a bhfuil tuismitheoirí Liotuánacha,
faoi na buntáistí a bhaineann lena theanga bhaile a choinneáil agus í a dhéanamh don Ardteistiméireacht.
Thug an TikToker Ciara Walsh, a raibh tionchar ag a cinneadh páirt a ghlacadh in Erasmus ar threo a saoil agus
a d’fhág gur aimsigh sí post san Iodáil, agus James Maher, atá ina chomhairleoir sinsearach polasaí ag
Parlaimint na hEorpa, léargas ar a dtaithí le teangacha agus ar an tionchar a bhí ag teangacha ar a saolta agus
a ngairmeacha beatha.
130
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -