Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 132
#ThinkLanguages ag an bPictiúrlann
Mar chuid de chomhpháirtíocht nua le hInstitiúid Scannán na hÉireann (ISÉ), taispeánadh rogha de scannáin
teangacha iasachta ag an ISÉ i mBaile Átha Cliath agus a líonra pictiúrlann ar fud na tíre le linn Sheachtain
#ThinkLanguages, a thug deis do scoláirí taithí a fháil ar theangacha ag an bpictiúrlann. Chomh maith le
léirithe sa phictiúrlann, bhí deis ag scoileanna leas a bhaint as a n-ardán sruthaithe IFI@Schools a thugann
deis do scoileanna scannáin a thaispeáint sa seomra ranga. D’fhéach breis agus 3,000 scoláire ar cheann de na
scannáin i dteangacha iasachta sa phictiúrlann le linn Sheachtain #ThinkLanguages, agus d’fhéach tuairim is
míle eile ar scannán sa seomra ranga.
I measc na scannán a léiríodh le linn Sheachtain #ThinkLanguages bhí:
• 16 ans – Fraincis na hArdteistiméireachta
• La Petite Bande – Fraincis an Teastais
Shóisearaigh
• Lola Rennt – Gearmáinis na
hArdteistiméireachta (Comóradh 25
Bliain)
• Zu Weit Weg – Gearmáinis an Teastais
Shóisearaigh
• Las Ninas – Spáinnis na
hArdteistiméireachta
• Uno para todos – Spáinnis an Teastais
Shóisearaigh
• Scannán mistéire – Scannán Cóiréach
darb ainm Broker
132