Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 134
#ThinkLanguages ar an gCampas
Rud amháin a cuireadh go rathúil le ceiliúradh na bliana seo ná rannpháirtíocht Institiúidí Ardoideachais
(IAOnna) timpeall na tíre. Ba í an ghníomhaíocht laistigh de na hInstitiúidí Ardoideachais ina buaicphointe ag
go leor, le raon éagsúil gníomhaíochtaí ar siúl ar an gcampas do scoláirí Idirbhliana le páirt a ghlacadh iontu.
Thug breis agus 1,600 scoláire cuairt ar champas ollscoile, agus fuair go leor eile léargas ar an saol tríú leibhéal
trí chainteanna ó mhic léinn a fheidhmíonn mar ambasadóirí teanga, a thug cuairt ar scoileanna aonair.
Chuir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tús leis
an gceiliúradh i rith sheachtain #ThinkLanguages
le blasranganna Spáinnise, Gearmáinise agus
Fraincise chomh maith le rang Salsa do scoileanna
ar fud Bhaile Átha Cliath. Lean siad ar aghaidh le
ceardlanna a óstáil do 190 scoláire le linn
sheachtain #ThinkLanguages, le blas-seisiúin a
bhain le greannáin na Fraince, béasaíocht na
Seapáine, agus ceardlann sa Chung Fú.
D'óstáil Ollscoil Mhá Nuad breis is 150 scoláire i
rith na seachtaine. Tugadh scoláire ar thuras
timpeall an champais agus thug baill foirne cuir i
láthair; thug siad cuairt ar léachtaí agus tugadh
timpeall na leabharlainne iad. Cuireadh blasseisiúin Sínise, Ghearmáinise, Fraincise agus
Spáinnise ar fáil. Bhí lón ar fáil i Halla Pugin ina
ndiaidh, mar aon le deis chun labhairt le
hambasadóirí teanga ón ollscoil.
Sheol Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU)
ambasadóirí teanga ar mic léinn iad chuig cúig
scoil le linn sheachtain #ThinkLanguages.
Chuir Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt seó
ar siúl do bhreis is 110 scoláire le ceol náisiúnta ó
áiteanna fud fad an domhain. Ansin, rinne siad
taispeántas cócaireachta do na scoláirí inar
taispeánadh bia na hIodáile, na Síne agus na
Brasaíle. Tugadh deis do scoláirí chomh maith chun
labhairt le hambasadóirí teanga ar mic léinn iad.
Thug baill foirne cuairt ar thrí scoil agus thug
ambasadóirí cuairt ar thrí scoil eile.
Chuir Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
fáilte roimh scoláirí ar an gcampas le linn
Sheachtain #ThinkLanguages. Tugadh ar thuras
timpeall an champais iad agus ghlac siad páirt i
gceardlanna agus blasranganna i réimse
teangacha lena n-áirítear Sínis, Fraincis, Iodáilis
agus Spáinnis. Seoladh ambasadóirí teanga amach
chuig naoi scoil freisin.
Sheol Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne )
baill foirne amach chuig ceithre scoil agus seoladh
ambasadóirí teanga chuig dhá scoil le linn
sheachtain #ThinkLanguages.
134
D'óstáil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
scoláirí ar champas le linn Sheachtain
#ThinkLanguages. Tugadh na scoláirí ar thuras
timpeall an champais agus d'fhreastail siad ar
chainteanna inar chuala siad faoi ghairmeacha le
teangacha, conas mar a bhí sé staidéar a
dhéanamh ar theangacha ag Coláiste na Tríonóide,
agus conas teacht ar thacaíochtaí cuí. Bhí deis acu
freisin chun labhairt le hambasadóirí teanga ón
Ollscoil.
D’óstáil Coláiste na hOllscoile, Corcaigh os cionn
200 scoláire i rith na seachtaine. I measc na
gceardlann a bhí ar fáil bhí blaiseadh de Nollaig na
hIodáile, léachtaí teanga idirghníomhach, agus
blais-seisiúin teanga. Tugadh scoláirí ar thuras
timpeall an champais chomh maith. Thug ball
foirne cuairt ar dhá scoil mar chuid de sheachtain
#ThinkLanguages chomh maith.
D’óstáil an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
breis is 370 scoláire le linn Sheachtain
#ThinkLanguages, le cruinnithe le mic léinn teanga
i mbliain na céime chun níos mó a fháil amach
faoin deis staidéar a dhéanamh thar lear ar
Erasmus, chomh maith le ceardlanna Araibise,
Cóiréise, Rúisise agus Svahaílise, rud a thug rogha
leathan do na scoláirí. Tugadh na scoláirí timpeall
an champais agus bhí an deis acu labhairt le
hambasadóirí teanga ón Ollscoil. Thug baill foirne
cuairt ar chúig scoil agus chuaigh ambasadóirí
teanga go dtí sé scoil.
Chuir Ollscoil na Gaillimhe ceardlanna éagsúla
(Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis agus Fraincis) ar fáil
do 150 scoláire, sular óstáil siad tóraíocht taisce
teanga agus turas timpeall an champais do na
scoláirí.
D’óstáil Ollscoil Luimnigh caint leis an réalta
TikTok Killian Sundermann maidir le tábhacht
teangacha. D’fhreastail breis is 160 scoláire air seo
agus thug sé léargas dóibh ar a mbíonn i gceist le
staidéar a dhéanamh ar theangacha ar champas
Ollscoil Luimnigh. Sheol siad ambasadóirí teanga
chun cuairt a thabhairt ar scoileanna don chuid
eile de Sheachtain #ThinkLanguages.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -