Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 14
Dr Terry Lamb
Why Language Teaching Matters – putting language education on the political agenda
Rinne an Dr Terry Lamb ionadaíocht don Lárionad Eorpach um Theangacha Iasachta, a bhfuil Éire ina ball de,
ionad atá tar éis baill foirne TIBÉ a spreagadh le coinneáil suas chun dáta le forbairtí idirnáisiúnta agus a thug
smaointe chun iniúchadh a dhéanamh a raibh conairí tionscadail nua i gcomhthéacs áitiúil na hÉireann mar
thoradh air. Is iarmhúinteoir teangacha é an Dr Lamb agus ceann roinne i meánscoileanna i Londain, Ollamh
le Teangacha agus Oideolaíocht Idirdhisciplíneach ag Ollscoil Westminster. Bhí sé mar bhall den ghrúpa a
bheartaigh an National Languages Strategy sa Ríocht Aontaithe. Tá sé ina Shaineolaí oifigiúil AE ar Oideachas
Idirchultúrtha, agus bhí sé ina uachtarán ar FIPLV, a dhéanann ionadaíocht do na céadta múinteoir teanga
timpeall an domhain. Cúis an-láidir eile le Terry Lamb a bheith mar chainteoir ná go raibh sé mar chuid don
choiste a bheartaigh Moladh Chomhairle na hEorpa 2022 ar Oideachas Ilteangach agus Idirchultúrtha don
chultúr Daonlathach.
Ina óráid, rinne an Dr Lamb cur síos ar mholadh na Comhairle agus chuir sé i láthair na múinteoirí fáthanna a
bhfuil foghlaim teangacha ríthábhachtach chun saoránacht dhaonlathach a mhúnlú agus a fhorbairt agus an
chaoi a dtacaíonn príomhghnéithe an mholta le múinteoirí feasacht a ardú ar ról ríthábhachtach na
múinteoirí teanga.
Chuir sé cás láidir i láthair maidir leis an bhfáth a gcuireann an éagsúlacht le saol gach duine agus an
fáth a mbraitheann cuimsiú sóisialta agus comhtháthú sochaíoch ar mheas agus ar
rannpháirtíocht le héagsúlacht teanga agus chultúrtha.
Léirigh sé an chaoi a bhfuil sé mar aidhm ag an moladh spreagadh nua a thabhairt
do chur chun cinn, d’fhorbairt, agus do chur i bhfeidhm an oideachais
ilteangaigh agus idirchultúrtha, ag aithint thábhacht an oideachais seo
d’fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil, do chothromas, do chomhtháthú
sochaíoch, d’fheidhmiú chearta an duine agus do rannpháirtíocht i gcultúr
daonlathach (Comhairle na hEorpa 2023), agus mhínigh sé ábhar agus
feidhm an oideachais ilteangaigh agus idirchultúrtha.
Thug sé a ndúshlán don slua teacht ar bhealaí chun teangacha baile a
chuimsiú nach cuid den churaclam oifigiúil iad, teangacha
comharthaithe agus labhartha, agus nuair is cuí, aitheantas
agus deimhniúchán foirmiúil a thairiscint do na
teangacha a chuirtear ar fáil.
Labhair sé faoin gcaoi ar gá fiosrú a dhéanamh ar
mhúineadh teangacha in idirghníomhú lena chéile,
an chaoi ar gá gné teanga na n-ábhar ar fad a chur
in iúl go soiléir i dtreoirlínte curaclaim agus an chaoi
ar gá cumarsáid agus comhoibriú idir múinteoirí
teangacha éagsúla a spreagadh agus a éascú
trí ghlacadh le cuir chuige chuimsitheacha scoile
uile/institiúide maidir le polasaí agus cleachtas teanga agus idirchultúrtha.
14
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -