Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 140
Foireann Seaimpíní #ThinkLanguages: Buaiteoirí Náisiúnta 2023
Bhí caighdeán na n-iontrálacha don Chomórtas Fhoireann Seaimpíní #ThinkLanguages thar a bheith ard in
2023. Thug moltóirí cuairt ar dheich scoil a bhí gearrliostaithe le linn Sheachtain #ThinkLanguages agus
chuaigh caighdeán na bhféile ar fud na tíre i bhfeidhm go mór orthu. Ansin, roghnaigh na moltóirí trí scoil a
dhéanfadh cur i láthair do phainéal moltóirí ar lá na nduaiseanna ag an Roinn Oideachais. Ba iad na
scoileanna a bhain an babhta ceannais amach ná Meánscoil Mhuire na Trócaire, Port Láirge; Coláiste Pobail
Chill Airne; agus An Grianán Mhuire, Baile Átha Luain. Thug na trí scoil cur i láthair ar an méid a d’fhoghlaim
siad ón eispéireas. Chuir siad ar fad méid suntasach oibre isteach i mbainistíocht imeachtaí a bhféilte, chomh
maith lena gcuir i láthair dheiridh, a raibh na moltóirí thar a bheith tógtha leo. Rinne gach duine a d’fhreastail
ar an imeacht suntas d’ardscileanna cuir i láthair na scoláirí, dá gcruthaitheacht, agus dá bpaisean soiléir do
theangacha.
Bhronn an tAire Oideachais, Norma Foley T.D. Foireann Seaimpíní na Bliana 2023 ar an nGrianán Mhuire, Baile
Átha Luain lena gcorn agus turas chun na Bruiséile mar dhuais acu. Ba mhór agus na scoláirí agus na
múinteoirí an deis a bheith acu bualadh leis an Aire agus cuairt a thabhairt ar fhoirgnimh na Roinne, agus
bhain siad taitneamh as an eispéireas seo.
Babhta Ceannais - Meánscoil Mhuire na Trócaire, Port Láirge
Babhta Ceannais - Coláiste Pobail Chill Airne
Buaiteoirí - An Grianán Mhuire, Baile Átha Luain
140
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -