Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 144
Meáin shóisialta agus clúdach preasa
Bhí bealaí sóisialta thar a bheith gnóthach i gcaitheamh na seachtaine, le scoláirí, scoileanna agus
comhpháirtithe ag glacadh páirt sa chomhrá ar líne agus ag roinnt sraitheanna íomhánna agus físeán.
Chabhraigh uasdátaithe bríomhara ar a gcuid gníomhaíochtaí tús áite a thabhairt do theangacha don
tseachtain.
Ghlac roinnt daoine ó na Foirne Seaimpíní le ról tuairisceora dá bhféile, le hailt le feiceáil sa phreas áitiúil
araon sa tréimhse ullmhúcháin, agus le linn na seachtaine féin, ag cruthú atmaisféar iontach sa scoil agus sa
phobal i gcoitinne agus ag cur buntáistí teangacha chun cinn i bhfad agus i gcéin. Tugadh cuireadh d’Fhoirne
Seaimpíní agallaimh a dhéanamh ar an raidió áitiúil chomh maith.
Chuir roinnt mic léinn iriseoireachta ó Institiúidí Ardoideachais peann le pár chun tuairisciú ar na himeachtaí
a bhí ar siúl ar an gcampas. Bhí na tuairiscí seo le feiceáil sna nuachtáin áitiúla agus sa phreas ar líne, amhail
The Limerick Voice a raibh agallamh acu le Killian Sundermann a ghlac páirt in imeachtaí Ollscoil Luimnigh.
Tháinig an preas náisiúnta ar bord freisin, le seoladh na féile náisiúnta ar RTE.ie agus sindeacáite go
réigiúnach ar The Irish Independent le haghaidh imeachtaí áitiúla a bhí ar siúl i scoileanna. Roinn
comhpháirtithe, lena n-áirítear Institiúid Scannán na hÉireann agus Gnó sa Phobal in Éirinn, clúdach ar a nardáin meán, lena n-áirítear nuachtlitreacha, na meáin shóisialta, agus suíomhanna gréasáin, ag cuidiú le béim
a chur ar #ThinkLanguages, agus teangacha go ginearálta, i rith na seachtaine.
Thug an babhta ceannais náisiúnta i mí Eanáir, ar ar fhreastail an tAire Oideachais, Norma Foley T.D., chomh
maith le hionadaithe ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, deis eile freisin le haghaidh clúdach sóisialta agus preasa.
D’fhorbair agus roinn Foireann Chumarsáide na Roinne Oideachais, i gcomhar leis an bhfoireann
#ThinkLanguages, preaseisiúint ag fógairt na mbuaiteoirí agus ag soláthar sonraí faoin mbabhta ceannais. Bhí
an eisiúint le feiceáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais agus roghnaíodh é sa phreas clóite, ar líne agus craolta,
lena n-áirítear an Galway Advertiser, Westmeath Independent, Shannonside Radio agus Athlone Community
Radio. Bhí na meáin shóisialta gníomhach ar an lá chomh maith, leis na scoileanna ar an ngearrliosta ag roinnt
taithí s’acu ar an mbabhta ceannais. Roinn an tAire físeáin agus postálacha tiomnaithe ón lá ar a meáin
shóisialta freisin, ag cur béim ar thábhacht na dteangacha dá lucht leanúna forleathan.
Tionchar:
144
Na chéad chéimeanna eile:
•
Rinne 15,000 scoláire Idirbhliana ar fud na tíre ceiliúradh le
chéile ar bhuntáistí scileanna teanga
•
Thug 1,600+ scoláire cuairt ar champas ollscoile agus ghlac
siad páirt i ngníomhaíochtaí #ThinkLanguages ar campas
•
Thug breis is 4,000 scoláire cuairt ar phictiúrlann nó d’fhéach
siad ar scannán teanga iasachta a chuir Institiúid Scannán na
hÉireann ar fáil
•
Taifeadadh breis is 100+ gearrthóg mheáin, a d’ardaigh
feasacht ar #ThinkLanguages
•
Ardú san fheasacht ar chonairí gairme teanga laistigh den AE,
a thacaíonn le straitéis na Roinne Gnóthaí Eachtracha – Gairm
san AE - Straitéis na hÉireann chun ionadaíocht na hÉireann in
Institiúidí agus Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a
mhéadú
•
Dúirt 97% de scoláirí a ndearnadh suirbhé orthu go molfaidís
an t-imeacht do dhaoine eile
•
Fuair 82% de scoláirí amach go raibh scileanna teanga ag a
bpáirtithe ranga nach raibh siad ar an eolas fúthu a bhuí le
#ThinkLanguages
•
Dúirt 85.55% de scoláirí gur athraigh an t-imeacht dearcadh
s’acu maidir le tábhacht teangacha
•
Seachtain #ThinkLanguages a
óstáil don seachtú bliain as a
chéile ón 18-22 Samhain 2024
•
Leanúint de bheith ag tógáil ar
chomhpháirtíochtaí chun
tionchar #ThinkLanguages a
leathnú amach go dtí an pobal i
gcoitinne agus chun cur leis an
réimse gníomhaíochtaí ar fáil do
scoláire le linn Sheachtain
#ThinkLanguages
•
Comhoibriú tras-rannach a
chothú agus a mhéadú, chun
tacú le straitéisí ábhartha,
comhpháirtíochtaí reatha leis an
Roinn Gnóthaí Eachtracha mar
shampla
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -