Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 15
Dermot Whelan
Unwreck Your Head, De-Stress Your Life
Is údar sárdhíola, craoltóir, agus múinteoir machnaimh é Dermot Whelan. Roghnaíodh é sa
chomhthéacs gur gá do mhúinteoirí a mhothú go dtugtar aitheantas dá bhfolláine i
gcomhthéacs na tuirse iar-COVID.
Thug sé caint idirghníomhach — Mind-full – Unwreck Your Head, De-Stress Your Life — a bhí
greannmhar agus a raibh ábhar machnaimh inti. Roinn sé teicnící chun an ceann is fearr a fháil
ar an strus agus chun teacht ar shuaimhneas i ndomhan síorathraitheach a bhíonn trí chéile in
amanna.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
15