Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 150
Comhoibriú agus Ardú Feasachta
le hInstitiúidí Ardoideachais
Gníomh: 3.A.1
3.B.2
Tacaíodh le 13 IAO
Léargas Ginearálta:
Faoin bhfeachtas feasachta Languages Connect, cuirtear maoiniú ar fáil d’Institiúidí Ardoideachais (IAOnna)
chun foghlaim teanga a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.
Príomhaidhmeanna:
•
Naisc a láidriú idir IAOnna agus scoileanna chun tacú le foghlaim teangacha agus feasacht chultúrtha
•
Cúrsaí teanga ag an tríú leibhéal a chur chun cinn – mar phríomhábhair, mionábhair nó ábhair roghnacha
•
Feasacht a ardú maidir le deiseanna gairme agus deiseanna chun staidéar a dhéanamh thar lear
Gníomhaíocht:
Rinneadh an ceathrú gairm ar iarratais ar mhaoiniú chun feasacht a ardú ó Institiúidí Ardoideachais
Languages Connect i mBealtaine 2023. Rinne 13 IAO iarratas agus bronnadh maoiniú suas go huasmhéid
€
10,000 orthu. Bhronn TIBÉ méideanna éagsúla maoinithe ar na IAOnna bunaithe ar na moltaí a cuireadh
isteach, agus úsáideadh é chun tacú le gníomhaíochtaí éagsúla chun feasacht a ardú ar na cúrsaí a thairgeann
na IAOnna agus chun teangacha éagsúla a chur chun cinn dá gcuid mac léinn agus scoláirí dara leibhéal a
d’fhéadfadh na hollscoileanna a roghnú.
Bhí baint ag na hInstitiúidí Ardoideachais le seachtain #ThinkLanguages i mí na Samhna/Nollag trí os cionn
1,600 scoláire dara leibhéal a óstáil ar an gcampas agus ambasadóirí teanga nó baill foirne a chur ar fáil do na
scoileanna. D’éascaigh TIBÉ cumarsáid idir scoileanna agus Institiúidí Ardoideachais chun cabhrú le
cuairteanna a chomhordú. Tá tuilleadh sonraí faoi ghníomhaíochtaí #ThinkLanguages ar fáil sa chuid roimhe
seo. Seo thíos cuid de na príomhghníomhaíochtaí ar tacaíodh leo sa chuid eile den bhliain.
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU)
•
Coimisiúnaíodh trí fhíseán bolscaireachta teanga chun an tábhacht a bhaineann le teanga a roghnú ag an
tríú leibhéal a thaispeáint. Baineann téama éagsúil le gach físeán, agus is céimithe de chuid Ollscoil
Teicneolaíochta an Atlantaigh a bhain céim amach le déanaí rannpháirtithe uile na bhfíseán. Is iad na trí
théama ná malartú Erasmus, socrúchán oibre, agus deiseanna gairme.
•
Leanadh ar aghaidh le ‘Comórtas Teangacha ATU’ in 2022/2023 mar gheall ar an rath a bhí air an bhliain
roimhe. Iarradh ar na scoileanna rannpháirteacha físeán a chur isteach i bhFraincis/Gearmáinis/Spáinnis ar
cheann amháin de na topaicí éagsúla. Reáchtáladh an searmanas bronnta i mí Aibreáin 2023. Bhí an
chéad, an dara agus an tríú duais i ngach catagóir. Ba é an chéad duais ná lá iomlán de cheardlanna
idirghníomhacha cócaireachta sa sprioctheanga.
150
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -