Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 151
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
•
Bhí Seachtain Teangacha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar siúl i mí an Mhárta 2023. Gach lá bhí
blasrang teanga, agus ina dhiaidh sin bhí ceardlann chultúrtha phraiticiúil idirghníomhach. Ba iad scoláirí
sa chúigiú bliain an spriocghrúpa. I measc na n-imeachtaí bhí blas-seisiún Spáinnise, ceardlann i rince de
chuid Mheiriceá Laidinigh, blas-seisiún Seapáinise, ceardlann K-Pop, blas-seisiún Gearmáinise agus
ceardlann amharclannaíocht na Gearmáine agus blas-seisiún Fraincise. Bhí Comórtas Sheachtain
Teangacha do scoláirí sa chúigiú bliain freisin.
•
Reáchtáladh cuairteanna ar champas DCU i mí Eanáir 2023
•
Bhí Seachtain Teangacha don Todhchaí DCU ar siúl ón 25-29 Meán Fómhair 2023. Bhí blas-seisiúin teanga
ann don tseachtain ar fad mar aon le ceardlann chultúrtha phraiticiúil ghaolmhar.
Ollscoil Mhá Nuad
•
Reáchtáladh Maynooth University Speaks Languages: Campus Experience 2022-2023 i mí Aibreáin 2023.
Ba iad scoláirí Idirbhliana an spriocghrúpa, agus ba é an aidhm a bhí ann ná go bhfreastalódh scoláirí ar
sheisiún ar an gcampas a léireodh an méid a chuireann Scoil na Nuatheangacha, na Litríochtaí agus na
gCultúr ar fáil do dhaoine ar mhaith leo staidéar a dhéanamh ar Shínis, Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis.
Tugadh an lucht freastail ar thuras timpeall an champais, agus tugadh deis do mhic léinn fhéideartha
taithí a fháil ar na cláir agus modúil teanga agus chultúrtha éagsúla.
•
Rinneadh scannánú ar thrí fhíseán bolscaireachta i mí Meithimh chun an Mháistreacht i dTeangeolaíocht
Fheidhmeach agus Léann Idirchultúrachais (MALIS) a chur chun cinn. Áirítear sna físeáin agallaimh le mic
léinn a chríochnaigh MALIS agus tugann siad eolas ar an gclár agus na féidearthachtaí breisoideachais nó
fostaíochtaí atá ann do chéimithe.
•
Thug ambasadóirí teanga ar mic léinn iad cuairt ar Choláiste Fhinín, an Muileann gCearr.
•
Thug ambasadóirí teanga cainteanna ag seiceáil isteach na hIdirbhliana le gach scoláire Spáinnise sa
chéad bhliain. Bhí sé seo mar chuid de thionscadal píolótach chun coinneáil a spreagadh agus tacú le
scoláirí.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
151