Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 153
Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU)
•
Roghnaigh MTU ambasadóirí teanga chun feasacht a mhéadú ag an dara leibhéal maidir le buntáistí a
bhaineann le foghlaim teangacha, chomh maith le feasacht a ardú maidir leis na roghanna teanga in MTU.
D’fhreastail na hambasadóirí teanga ar laethanta oscailte agus thug cuairt ar seacht n-iar-bhunscoil idir
Feabhra agus Márta 2023.
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU)
•
Sheol SETU a gcomórtas Modúl Samplach i dTeangacha Iasachta do Bhunscoileanna, PicLingo i mí
Bealtaine. Is é aidhm an chomórtais coincheap na foghlama teanga iasachta a threisiú tríd an ealaín.
•
Reáchtáladh ‘’Try Events’’ de chuid SETU i mí an Mhárta. Ba é an aidhm ná scoláirí Idirbhliana, 5ú bliain,
agus 6ú bliain a thabhairt isteach san Institiúid Ardoideachais le taithí a fháil ar shaol na hollscoile. Thug
na scoláirí faoi bhlasranganna agus labhair mic léinn a bhí ag filleadh ó Erasmus sa Fhrainc, sa Spáinn agus
sa Ghearmáin maidir lena n-eispéiris agus iad ag foghlaim teanga ag an tríú leibhéal.
Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TUD)
•
Reáchtáil TUD imeachtaí teanga i mí Eanáir agus mí Bealtaine do scoláirí Idirbhliain, 5ú bliain, agus 6ú
bliain. Bhí deis ag scoláirí taithí a fháil ar úsáid ‘fíorshaoil’ na dteangacha iasachta atá ar fáil in TUD. Rinne
siad cleachtadh ar a bpríomhtheanga (Spáinnis, Fraincis agus Gearmáinis) ar maidin agus thug siad faoi
theangacha nua (Sínis, Iodáilis agus Spáinnis) sa tráthnóna. Tugadh ar thurais timpeall an champais iad
chomh maith.
•
Thug ambasadóirí teanga cuairt ar Choláiste na mBráithre Críostaí i mBaile na Manach agus ar Mheánscoil
Phádraig i nDroichead Nua. Chuir siad teangacha chun cinn ag Lá Oscailte Champas Ghráinseach
Ghormáin TUD chomh maith i mí na Nollag.
•
Bhí cuir i láthair leantacha, bronnadh teastas agus duaiseanna don chomórtas teanga ‘’YouTuber for a day’’
ar siúl sna scoileanna i mí Bealtaine.
Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (TUS)
•
Reáchtáil TUS comórtas póstaer do scoláirí a nasc teangacha le deiseanna fostaíochta. Bhí an
mholtóireacht agus bronnadh na nduaiseanna ar siúl i mí Eanáir.
•
Thug ambasadóir teanga ón Ollscoil cuairt ar Ardscoil Mhuire, an Corrbhaile.
•
I mí an Mheithimh, thug ball foirne trí cheardlann Fraincise agus trí cheardlann Ghearmáinise do dhaltaí ó
rang a 5 agus rang a 6 i Scoil Náisiúnta Bhéal Átha Gabhann, Co. Thiobraid Árann.
•
Seoladh comórtas i mí Aibreáin chun lógó agus mana a chruthú a cheanglaíonn teangacha agus gnó
idirnáisiúnta. Seoladh an comórtas chuig breis agus 100 scoil sa scoilcheantar, rud a chuir tábhacht na
dteangacha chun cinn i saol an ghnó.
•
Chruthaigh mac léinn TUS vlag faoina dtaithí ar Erasmus san ESC Rennes sa Fhrainc ó Mheán Fómhair go
Nollaig 2023.
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
•
Rith Coláiste na Tríonóide Comórtas Póstaer Nuatheangacha chun smaointeoireacht chruthaitheach a
spreagadh i measc scoláirí na hIdirbhliana maidir le foghlaim teanga. Bhí duais iomlán amháin ann, agus
duais amháin do gach catagóir teanga. Bhí fáiltiú oifigiúil bronnta duaiseanna ar siúl i mí Aibreáin do na
buaiteoirí, dá múinteoirí agus dá dtuismitheoirí.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
153