Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 155
Ba é a bhí i gceist leis an imeacht sraith cainteanna le haistritheoirí foirne ón gCoimisiún Eorpach a chuir
gnéithe éagsúla dá saol oibre agus a dtaithí ar mhaireachtáil agus oibriú i dtimpeallacht ilteangach i
láthair. Bhí na rannpháirtithe ó 21 scoil ar fud na hÉireann.
•
Eagraíodh Applied Languages @25, ceiliúradh ar staidéir ilteangacha mar imeacht hibrideach a bhí ar siúl i
mí Lúnasa. Dearadh an t-imeacht lae chun fócas a chur ar ghuth na n-alumnas, chun staidéar ilteangach in
Ollscoil Luimnigh a cheiliúradh agus gnóthachtáil na n-alumnas.
•
Ócáid ar an gcampas i mí na Nollag a bhí in Promoting Languages to Guidance Counsellors, a thug
treoirchomhairleoirí ó bhrainse an Mheán-Iarthair d’Institiúid na gComhairleoirí Gairmthreorach cothrom
le dáta faoi dheiseanna d’fhoghlaimeoirí teanga ag gach leibhéal. Chuimsigh an t-imeacht turas timpeall
an champais, lena n-áirítear turas ar áiseanna sa Mhol Foghlama Teanga/Foirgneamh Teanga, seisiúin ar na
buntáistí a bhaineann le foghlaim teanga, cláir atá á dtairiscint ar fud UL, Languages Connect, Erasmus+;
agus deiseanna chun bualadh le hambasadóirí ar mic léinn iad agus le foireann na hOllscoile.
Tionchar:
•
Tá méadú 30% tugtha faoi deara ag MTU in iarratais na Lár-Oifige Iontrála (CAO) ina gclár BA (Onórach) sa
Ghnó Idirnáisiúnta le Teanga. Creideann siad gur chuir tionscnamh na n-ambasadóirí teanga go mór leis
seo, tionscnamh a dtacaíonn an maoiniú go mór leis.
•
Chuaigh mic léinn tríú leibhéal agus léachtóirí i mbun plé le daltaí bunscoile agus scoláirí iar-bhunscoile
trí laethanta oscailte, comórtais, agus ranganna agus ceardlanna i scoileanna.
•
Faigheann scoláirí iar-bhunscoile tuiscint agus spéis sna teangacha ag an tríú leibhéal nuair a thugann
siad cuairt ar champas agus nuair a fhoghlaimíonn siad faoi shaol na hollscoile, staidéar a dhéanamh ar
theanga agus dul thar lear ar Erasmus.
•
Is féidir físeáin bholscaireachta a úsáid ar na meáin shóisialta agus tá an cumas acu teacht ar lucht
féachana i bhfad níos leithne ná lá oscailte, i dtéarmaí uimhreacha agus spriocghrúpaí éagsúla, m.sh.
tuismitheoirí agus múinteoirí chomh maith le scoláirí.
‘I mbliana, tá iarratais CAO
tar éis méadú go suntasach dár gcéim
sa Ghnó Idirnáisiúnta le Teanga, agus táim
‘Bhí sé iontach le fírinne. Rinne mé cairde
cinnte gur chuir ár nAmbasadóirí Teanga
nua ó scoileanna eile ó chúlraí/tíortha éagsúla agus
go mór leis seo!’
bhí sé thar a bheith suimiúil labhairt leo. Rinneamar
cúpla TikTok agus ansin chuamar chun Araibis a
fhoghlaim. Ar cheann de na laethanta oideachais is
Sheree Borge,
Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan
fearr a bhí agam riamh. Bhain mé sárthaitneamh as
agus mholfainn é 100%. Bhí sé thar barr.’
Scoláire ó imeacht
#ThinkLanguages de chuid UL
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint de bheith ag cur foghlaim teangacha ag an tríú leibhéal chun cinn trí thacaíochtaí éagsúla agus
fud fad bhealaí cumarsáide Languages Connect
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
155