Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 158
Gníomhaíocht:
In 2023, reáchtáladh dhá imeacht tráthnóna – ceann amháin chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir
ag Teach na hEorpa Dé hAoine an 22 Meán Fómhair, agus imeacht ar líne do Lá Eorpach na dTeangacha Dé
Máirt an 26 Meán Fómhair. Ar Oíche Chultúir d’fhéadfadh rannpháirtithe réamhchlárú nó buail isteach chuig
Teach na hEorpa tráthnóna Dé hAoine le haghaidh blasranganna teanga i 10 dteanga: Sínis, Gearmáinis,
Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, Iodáilis, Seapáinis, Cóiréis, Máltais, Slóivéinis, Sualainnis agus Úcráinis.
Don dara huair, bhí an t-imeacht mar chuid de Chonair Chultúrtha Eorpach (a eagraíodh i gcomhar le
hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir an Aontais Eorpaigh). D’fhéadfadh na daoine a bhí ag iarraidh páirt a ghlacadh
san imeacht seo stampa a fháil ar a ‘bpas’ ag Teach na hEorpa. Bhí ranganna ar líne in ocht dteanga eile ar fáil
ar Lá Eorpach na dTeangacha. Bhí na rannpháirtithe in ann clárú roimh ré agus freastal ar bhlasranganna sa
Fhraincis, sa Ghréigis, san Ungáiris, sa Ghaeilge, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSlóvaicis agus sa Spáinnis.
Tionchar:
•
Bhain breis agus 400 duine leas as blasranganna teanga thar an dá thráthnóna
•
Iarradh ar an lucht freastail suirbhé a dhéanamh agus ba é an meánráta don dá imeacht ná 4.7 as 5 réalta.
•
I measc na rudaí a dúirt daoine bhí:
8Thaitin sé go mór liom :)9,
8Smaoineamh iontach 3 le déanamh arís9,
8Imeacht den scoth!9,
Na chéad chéimeanna eile:
•
himeachtaí d’Oíche Chultúir
8Imeacht thar a bheith taitneamhach9,
8Tionscnamh den scoth atá ann, tá sé andeas daoine a neiceáil ag obair chun
an domhan a dhéanamh níos
nasctha trí theangacha9,
Leanúint ar aghaidh leis na
agus Lá Eorpach na
dTeangacha in 2024
•
Smaoineamh ar níos mó
teangacha a chur leis
8Múinteoir den scoth! D9noghlaim
mé an t-uafás go tapa!9
158
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -