Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 159
Foireann Uirlisí d’Oíche Oscailte
Fuair 4 Scoil Foirne Uirlisí Gaeilge
Gníomh:
3.A.2
8 Seisiún Tacaíochta
Léargas Ginearálta:
Cuireann an Fhoireann Uirlisí d’Oíche Oscailte de chuid Cuir Fáilte Roimh Theangacha sraith acmhainní ar fáil
do mhúinteoirí atá ag pleanáil chun oícheanta oscailte a óstáil laistigh dá scoileanna. Trí réimse de
ghníomhaíochtaí samplacha, tá sé mar aidhm ag an bhfoireann uirlisí tacú le roghnú nuatheangacha iasachta
(NTI) i réimsí ábhair NTI sa tSraith Shóisearach. In 2023, forbraíodh agus cuireadh amach leagan Gaeilge don
fhoireann uirlisí. Cuireadh seisiúin ar líne agus ar an láthair ar fáil chun tacú le múinteoirí le húsáid na háise.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacú le múinteoirí gníomhaíochtaí agus cuir i láthair mhealltacha a ullmhú d’oícheanta oscailte
•
Cabhrú le múinteoirí roghnú NTInna a chur chun cinn ina scoileanna agus scoláirí féideartha a spreagadh
chun fáilte a chur roimh theangacha agus ábhair á roghnú acu don tSraith Shinsearach
Gníomhaíocht:
Rinneadh obair shuntasach in 2023 i gcomhpháirt le COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta &
Gaelscolaíochta), chun an leagan Gaeilge den Fhoireann Uirlisí d’Oíche Oscailte a chruthú, a dhearadh, a
fhoilsiú agus a ardú. I mí Lúnasa 2023, seoladh dhá chóip Ghaeilge den fhoireann uirlisí chuig gach iarbhunscoil lán-Ghaeilge in Éirinn. Dáileadh dhá chóip Bhéarla den fhoireann uirlisí ar scoileanna dhá bhliain ó
shin agus dáileadh iad freisin ag imeachtaí príomhoidí, treorach agus bainistíochta sinsearaí.
Chun tacú le múinteoirí an fhoireann uirlisí a úsáid, cuireadh cúig sheisiún ar fáil i mí Mheán Fómhair 2023 in
ionaid ar fud na tíre. Cuireadh trí sheisiún ar líne ar fáil freisin, lena n-áirítear ceann trí Ghaeilge a bhuíochas
do chomhoibriú le COGG.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
159