Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 16
Plé Painéil
‘Inspiring Language Teaching and Learning for the Future’
Léirigh an plé painéil na féidearthachtaí suimiúla éagsúla a thagann chun cinn mar gheall ar ionchur dearfach
ó mhúinteoirí ar scoil. Cuimsíodh é chun múinteoirí a spreagadh agus inspioráid a thabhairt dóibh maidir leis
an gcumas cumhachtach atá acu chun scoláirí a spreagadh chun staidéar a dhéanamh ar theangacha,
leanúint orthu lena dteangacha agus machnamh a dhéanamh ar theanga a dhéanamh ar fhágáil na scoile
dóibh.
Roinn siad ábharthacht a n-inniúlachtaí teangacha ina ngairmeacha beatha agus i gcás Sarah-Jane, soláthar
ina scoil; an spreagadh dá n-aistir foghlama teanga agus tionchair agus ionchur a múinteoirí, luach na
malartuithe teanga; smaointe maidir le conas is féidir le rannpháirtithe an chruinnithe mullaigh tionchar a
imirt ar scoláirí ina seomraí ranga; agus comhairle maidir le conas freastal ar chainteoirí teangacha baile eile
ar scoil.
16
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -