Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 160
Tionchar:
•
Tá feasacht níos fearr i measc páirtithe leasmhara ar an bhfoireann uirlisí agus conas is féidir í a úsáid chun
tacú le roghnú teangacha.
•
Tá an fhoireann uirlisí ar fáil anois mar acmhainn laistigh de gach iar-bhunscoil in Éirinn, lena n-áirítear
leagan Gaeilge do na scoileanna lán-Ghaeilge.
•
Tugadh le fios in aiseolas na múinteoirí, a d’fhreastail ar na seisiúin chun tacú le húsáid na huirlisí i Meán
Fómhair 2023 go raibh deis acu smaointe a roinnt agus cleachtadh a dhéanamh ar an mbealach is fearr
leis an bhfoireann uirlisí a úsáid, agus go mbeidís siad ag moladh úsáid na foirne uirlisí chun sealbhú na
teanga a chur chun cinn i measc lucht na chéad bhliana a bheadh le teacht isteach.
Bhí an t-aiseolas ó na seisiúin seo thar a bheith dearfach agus dúradh an méid seo a leanas
‘’Bhain mé sárthaitneamh as. Thar a bheith faisnéiseach agus tairbheach’’
‘’Go raibh maith agaibh as tráthnóna taitneamhach a bhí dea-ullmhaithe agus a cuireadh i láthair go maith’’
‘’Seisiún fiúntach a bhí ann ina raibh deis den scoth againn smaointe a mhalartú’’
‘’Seisiún iontach, thar a bheith faisnéiseach agus táim fíorshásta gur fhreastail mé! Merci beaucoup’’
Na chéad chéimeanna eile:
•
Sraith de sheisiúin ar líne a chur ar fáil i mí Mheán Fómhair chun tacú le húsáid leanúnach na foirne uirlisí.
•
Athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar ábhar na foirne uirlisí ionas go mbeidh sí suimiúil, ábhartha agus
freagrúil do riachtanais na bpobal scoile
160
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -