Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 161
Comhoibriú le hAmbasáidí agus Institiúidí Cultúrtha
Gníomh: 3.A.2
Léargas Ginearálta:
Comhoibríonn TIBÉ go rialta le raon leathan ambasáidí agus institiúidí cultúrtha chun tacú leo agus chun an
tábhacht a bhaineann le foghlaim teangacha iasachta a chur chun cinn.
Príomhaidhmeanna:
•
Daoine a chur ar an eolas faoi thábhacht foghlaim teangacha chun úsáid níos leithne teangacha iasachta a
spreagadh
•
Suíomhanna a aithint ina bhfuil leibhéal spéise agus éileamh ar thacaíochtaí teanga oidhreachta
•
Tacaíocht a sholáthar do shaoránaigh ó thíortha éagsúla a ghlacann páirt sa scéim Cúntóirí Teangacha
Iasachta
•
Cainteoirí a sholáthar ag imeachtaí a bhaineann le deiseanna teagaisc agus foghlama a sholáthar do na
teangacha nua
•
Páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta atá dírithe ar oideachasóirí teanga
Gníomhaíocht:
Sínis
Chun tacú le foghlaimeoirí teanga oidhreachta na
Sínise agus a dtuismitheoirí, bhuail TIBÉ le Rannóg
Oideachais Ambasáid na Síne i mBealtaine 2023
chun tacaíochtaí do dheiseanna foghlama na Sínise
i scoileanna a phlé. Chuir an ambasáid tacaíocht
bhreise ar fáil trí fhaisnéis faoi chlár na
hArdteistiméireachta a scaipeadh ar thuismitheoirí
Síneacha agus trí fhaisnéis a sholáthar ar
scoláireachtaí Sínise don ardoideachas.
Chomhoibrigh TIBÉ le hInstitiúid Chonfúicias UCD
chun tacú le hionduchtú agus forbairt ghairmiúil
leanúnach (CPD) dá bhfoireann teagaisc nua agus
chun tacú le himeachtaí, ar nós Comórtas Teanga
agus Cultúir na Síne do dhaltaí Bunscoile agus scoláirí Iar-bhunscoile. I mí na Samhna 2023, bhuail TIBÉ freisin
le toscaireacht ón Ionad um Oideachas agus Comhar Teanga (ar a dtugtaí Ceanncheathrú Institiúid
Chonfúicias roimhe seo) chun an comhthéacs agus na deiseanna a bhaineann le forbairt bhreise a dhéanamh
ar oideachas na Sínise in iar-bhunscoileanna na hÉireann a phlé.
Fraincis
Thug Cruinniú Mullaigh Languages Connect i mí Dheireadh Fómhair 2023 deis do na 171 Cúntóir Teangacha
Iasachta (CTInna), ar náisiúnaigh de chuid na Fraince nach mór a leath díobh, tuilleadh a fhoghlaim faoi
chóras oideachais na hÉireann agus bualadh le hionadaithe ó ambasáid na Fraince. I mí na Samhna 2023,
chun “Journée Internationale du professeur de français” a cheiliúradh, bhí lúcháir ar TIBÉ páirt a ghlacadh in
imeacht ar líne a bhí dírithe ar cheiliúradh a dhéanamh ar mhúinteoirí Fraincise ó gach earnáil oideachais.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
161