Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 162
Gearmáinis
Ghlac TIBÉ páirt i roinnt cruinnithe leis an
Goethe-Institut in 2023 chun deiseanna
comhoibrithe a phlé, ag féachaint ar thacaíochtaí
do na CTInna, agus conas forbairt ar chláir
mhalartaithe idir Éirinn agus an Ghearmáin a
chur chun cinn. Chomhoibrigh ionadaithe TIBÉ
freisin leis an Goethe-Institut, le hAireacht
Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, agus le
gníomhaireacht seolta na Gearmáine do na
CTInna, Der Pädagogische Austauschdienst, le
haghaidh cruinnithe éagsúla sa Ghearmáin.
Féachadh sna cruinnithe seo ar an mbealach is
fearr chun tacú leis na CTInna agus conas an
Ghearmáinis a chur chun cinn tuilleadh mar
ábhar scoile.
Seapáinis
Lean Fondúireacht na Seapáine ar aghaidh ag
soláthar Comhairleoir Teanga Seapáinise
tiomnaithe do TIBÉ. Tá an comhairleoir ar
iasacht ag TIBÉ chun tacú le hoideachas na
Seapáinise in Éirinn, ag soláthar FGL agus
uasoiliúint teanga do mhúinteoirí, agus
acmhainní agus ábhair chun tacú le teagasc
agus foghlaim na Seapáinise. Bhí TIBÉ i
mbun imeachtaí a bhí dírithe ar an
tSeapáinis go rialta. Mar shampla, cuireadh
seisiún eolais de chuid TIBÉ ar fáil do
dhaoine a raibh sé i gceist acu a bheith
páirteach sa chlár Malartú agus Múineadh
Seapánach, maidir le deiseanna teagaisc a
d’fhéadfadh a bheith ar fáil nuair a fhilleann
siad ar Éirinn. Chuidigh TIBÉ in eagrú scrúdú cumais Seapáinise (SCS) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,
Comórtas Labhairt na Seapáinise, agus an t-imeacht cultúrtha bliantúil, ‘Cuir aithne ar an tSeapáin’, a bhí thar a
bheith úsáideach i gcomhthéacs scaipeadh faisnéise faoi ranganna ar an Satharn de chuid TIBÉ. Thacaigh TIBÉ
freisin leis an ambasáid ag imeachtaí ar ar fhreastail polaiteoirí agus grúpaí pobail le cruinnithe faisnéise agus
faisnéise ar dheiseanna agus féidearthachtaí i gcomhair fhoghlaim na Seapáinise in Éirinn.
Cóiréis
Lean TIBÉ lena gcomhoibriú le hAmbasáid na Cóiré chun tacú lena cuid oibre chun teanga agus cultúr na Cóiré
a chur chun cinn in iar-bhunscoileanna agus níos faide i gcéin. D’éascaigh an Ambasáid ionchur cultúrtha
ábhartha mar chuid de sheachadadh mhodúl na hIdirbhliana a sholáthraíonn TIBÉ i scoileanna. Cuireadh
blasranganna Cóiréise ar fáil don phobal le linn Oíche Chultúir. Ba é Oifigeach Forbartha Teanga na Cóiréise de
chuid TIBÉ a thug na ranganna Cóiréise agus bhí an-tóir orthu.
162
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -