Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 163
Liotuáinis
Seachadadh míle bileog dhátheangach Liotuáinis-Béarla chuig Ambasáid na Liotuáine agus dáileadh iad ar a
saoránaigh chun glacadh leis an Liotuáinis ag leibhéal na hArdteistiméireachta a spreagadh. Thacaigh
Ambasáid na Liotuáine le faisnéis a roinnt maidir leis na seisiúin faisnéise a reáchtálann TIBÉ do thuismitheoirí
agus do scoláirí, agus do ranganna Liotuáinise ar an Satharn trína meáin shóisialta agus trí bhealaí eile. Ghlac
Ambasadóir na Liotuáine páirt freisin i gceann de na seisiúin faisnéise, a reáchtáladh i mí an Mhárta 2023. Le
tacaíocht ón ambasáid, d’fhreastail 60 rannpháirtí, méadú suntasach ar na blianta roimhe sin.
Polish
Roinn Ambasáid na Polainne faisnéis lena saoránaigh trína gcuid bealaí cumarsáide, lena n-áirítear na meáin
shóisialta, maidir leis na seisiúin faisnéise do thuismitheoirí agus do scoláirí. I mí Aibreáin 2023, ghlac Consal
na Polainne páirt i seisiún faisnéise freisin. D’fhreastail ionadaithe TIBÉ ar imeachtaí éagsúla a d’óstáil
Ambasáid na Polainne chun feasacht a ardú ar ghníomhaíochtaí TIBÉ agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar an
gcomhthéacs don Pholainnis in Éirinn.
Spanish
Lean TIBÉ ag tacú leis an Roinn Oideachais i gcur i bhfeidhm an chláir phíolótaigh chun fostaíocht múinteoirí
Spáinnise ar cuairt in Éirinn a éascú, bunaithe ar mheabhrán tuisceana idir Roinn an Oideachais in Éirinn agus
Aireacht Oideachais agus Cultúir na Spáinne. Dearadh an clár chun breis múinteoirí a sholáthar do scoileanna na
hÉireann chun rochtain ar fhoghlaim teangacha a mhéadú. Leathnófar deiseanna chun scileanna agus caidrimh
idirchultúrtha a fhorbairt freisin, rud a d’fhéadfadh tuilleadh malartuithe scoile a spreagadh amach anseo. I
gcomhar le Consejería de Educación de la Embajada de España i mBaile Átha Cliath, La Junta de Castilla y León,
agus Oifig Thurasóireachta na Spáinne i mBaile Átha Cliath, reáchtáil TIBÉ comórtas físe arís do scoláirí Spáinnise
sa chúigiú bliain. Iarradh ar na hiontrálaithe físeán a tháirgeadh i Spáinnis ag léiriú clár taistil do “dheireadh
seachtaine i Castilla y León’’. Bronnadh an chéad duais ar Mheánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chorcaí, scoláireacht
do chúrsa teanga seachtaine lena n-áirítear eitiltí agus lóistín in Castilla y León. Bhí an Grianán Mhuire, Baile Átha
Luain agus Coláiste Chanel, Baile Átha Cliath sa dara háit agus bronnadh scoláireachtaí orthu chomh maith.
Thug Ambasadóir na Spáinne, Ion de la Riva, cuireadh do na trí fhoireann go léir chuig fáiltiú speisialta ag
ambasáid na Spáinne, áit ar bronnadh a nduaiseanna orthu.
In 2023, thacaigh TIBÉ leis an méid seo a leanas chomh maith:
Oíche Chultúir
Fuair Oíche Chultúir 2023 tacaíocht ó raon d’institiúidí cultúrtha a d’aimsigh múinteoirí le haghaidh
imeachtaí a reáchtáladh ar an oíche. Bhí an t-aiseolas ón imeacht an-dearfach.
Scéim na gCúntóirí Béarla
D’oibrigh TIBÉ le hambasáidí agus le hinstitiúidí cultúrtha chun tacú le cur chun cinn Scéim na gCúntóirí
Béarla. Rinne TIBÉ taighde freisin i measc rannpháirtithe roimhe seo chun tuiscint níos fearr a fháil ar an
tionchar a bheidh ag rannpháirtíocht sa scéim; bhí an t-aiseolas a fuarthas ó iar-rannpháirtithe an-dearfach.
San iomlán, tar éis dul i dteagmháil leis na gníomhaireachtaí seolta, fuarthas 78 freagra. Thug Cúntóirí Béarla a
d'oibrigh i ngach ceann de na tíortha glactha, seachas an Bheilg, faoin suirbhé. Chuir na sonraí faisnéis ar fáil
faoin gcaoi a raibh tionchar ag rannpháirtíocht ar inniúlacht teanga iar-chúntóirí Béarla, fuarthas amach go
raibh suim ag rannpháirtithe in obair mhúinteoireachta, agus sainaithníodh iarrthóirí a d’fhéadfadh cabhrú le
cur chun cinn na scéime.
Roinnt buaicphointí ó na sonraí:
•
Rinne siad go léir staidéar ar theangacha ag leibhéal na hArdteistiméireachta agus rinne 91% staidéar ar
theangacha ag an tríú leibhéal.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
163