Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 168
Domhan na hOibre Gníomh
4 Theanga ar Fáil
Gníomh 4.A.1
4 Theanga á bhForbairt
Léargas Ginearálta:
Is é aidhm na sraithe seo ná feasacht a fhorbairt maidir le tábhacht teangacha do dhomhan na hoibre, mar
aon le scileanna a fhoghlaim sa sprioctheanga a bhaineann le domhan na hoibre.
Príomhaidhmeanna:
•
Feasacht a fhorbairt ar thábhacht teangacha do dhomhan na hoibre
•
Cur chun cinn a dhéanamh ar mhúineadh scileanna sa sprioctheanga a bhaineann le domhan na hoibre
•
Deiseanna a chur ar fáil do scoláirí chun a scileanna teanga a choinneáil agus a fhorbairt le linn na
hIdirbhliana
Gníomhaíocht:
In 2022, seoladh an chéad áis sa tsraith ‘Domhan na hOibre’. Ba é ‘Dúshlán Phrintíseach Mór na dTeangacha’ an
chéad áis, dírithe ar scoláirí Idirbhliana a rinne staidéar ar Fhraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis ag
leibhéal na Sraithe Sóisearaí.
Anois tá an acmhainn ar fáil freisin i Sínis, Seapáinis, Liotuáinis, Polainnis agus Portaingéilis.
Áirítear leis an acmhainn:
•
Nótaí múinteora
• Cáipéisí féinmheasúnaithe agus machnaimh
• Piarmheasúnú
Cuireadh na háiseanna seo ar fáil do mhúinteoirí ag comhdhálacha múinteoirí agus tá siad ar fáil le híoslódáil
ó shuíomh TIBÉ.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Acmhainní breise a fhorbairt sa tsraith seo dar teideal “Mo shaol nua i…”, a thabharfaidh aghaidh ar na
réimsí a bhaineann le bogadh go tír nua agus cur isteach ar phoist, teach a aimsiú, agus scoil a aimsiú srl.
Beidh an acmhainn ar fáil do gach teanga churaclaim.
168
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -