Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 17
Peter Sherrard
POF Cumann Oilimpeach na hÉireann, fear a bhfuil Fraincis agus Iodáilis líofa aige, díograiseoir spóirt, a
bhíodh ina Cheannasaí Cumarsáide ag Ryanair agus ina Stiúrthóir Cumarsáide le Cumann Peile na hÉireann.
Eimear Ní Bhroin
Oifigeach Gnóthaí Teanga, an Coimisiún Eorpach, atá líofa sa Fhraincis, sa Ghearmáinis sa Spáinnis agus sa
Ghaeilge. Tá sí freagrach as Éireannaigh a spreagadh chun teangacha a fhoghlaim agus cur isteach ar phoist
san AE.
Rafal Radziszewski
Tháinig Rafal go hÉirinn ón bPolainn nuair a bhí sé 16. Tá sé ina Straitéisí Cuntais d’Fhiontair Bheaga agus
Mheánmhéide Pholannacha le Google faoi láthair.
Sarah-Jane Willis
Leas-Phríomhoide, Ag Foghlaim le Chéile, Brí Mhór. Cuireann Sarah-Jane agus a foireann Fraincis, Spáinnis,
Liotuáinis, Polainnis, Rómáinis, Mandairínis, agus Seapáinis ar fáil ar churaclam na scoile.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
17