Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 171
Goal 4 - Ag Dul Chun Cinn
Tugann foilsiú ‘Tuarascáil Eatramhach Athbhreithnithe agus Plean Chur i bhFeidhm Languages Connect go dtí
2026’ deis do TIBÉ dul i dteagmháil arís leis na gníomhaireachtaí fiontair chun teachtaireachtaí a chomhordú
maidir le tábhacht na dteangacha iasachta do chomhlachtaí cliaint. Beidh ar TIBÉ oibriú leis na gníomhaireachtaí
seo freisin chun rochtain a fháil ar chomhlachtaí san earnáil fiontraíochta chun críche taighde, chun luach
scileanna teanga agus foghlama teanga d’fhostóirí a chinneadh.
Ba cheart cur chuige níos trasearnála a ghlacadh i leith an chur i bhfeidhm. Ní mór an tábhacht a bhaineann le
foghlaim teanga i bhforbairt scileanna a bheidh ag teastáil ón bhfórsa saothair amach anseo amhail inniúlacht
idirchultúrtha, ionbhá, agus inoiriúnaitheacht, atá chomh tábhachtach sin i gcomhthéacs na saoránachta
domhanda, a aithint i gcomhthéacs an ardoideachais agus na fiontraíochta. Tá saoránaigh dhomhanda ag
teastáil ó Éirinn atá ilteangach agus a bhfuil inniúlacht láidir idirchultúrtha acu atá in ann dul i ngleic le
comhthéacsanna cultúrtha éagsúla agus ní mór an teachtaireacht seo a neadú lasmuigh den scoil. Cé gur
úsáideadh iompórtáil scileanna teanga ó thar lear chun ganntanas scileanna a líonadh, is beag a dhéanann sé
seo chun cur le scileanna teanga nó idirchultúrtha an lucht saothair náisiúnta i gcoitinne.
Leanúint TIBÉ ar aghaidh le cur chun cinn na n-acmhainní ‘Comhpháirtíochtaí le Fostóirí agus ‘Domhan na
hOibre’, mar aon leis an bpaca gníomhaíochtaí ‘Ag Obair le Teangacha’ i scoileanna agus féachfaimid le deiseanna
a mhéadú do scoláirí iar-bhunscoile dul i mbun taithí oibre inar féidir leo teangacha a úsáid. Oibreoimid freisin
chun deiseanna a mhéadú don earnáil fiontraíochta feasacht a ardú ar luach teangacha do phoist trí ábhar físe,
cuairteanna scoile, agus seimineáir, mar shampla.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
171