Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 28
Taispeántas
Chuir 60 sealbhóir seastáin a bhfuil leas acu san oideachas teangacha taispeántas ar fáil ar
ar fhreastail gach rannpháirtí. Ina measc bhí:
11
7
6
Ambasáid agus Institiúid Chultúrtha
gComhlacht Stáit
Ghrúpa múinteoirí
14
18
4
Institiúid Ardoideachais
gComhlacht Príobháideach
Fhoilsitheoir
D’fhreastail cuid mhaith daoine ar sheastán TIBÉ. Bhí an-tóir ar acmhainní teagaisc agus foghlama a
chruthaigh TIBÉ i nGearmáinis, i bhFraincis, agus i Spáinnis, mar aon leis na teangacha nach múintear chomh
minic céanna amhail Polainnis, Portaingéilis, Rúisis, Liotuáinis, Mandairínis agus Seapáinis.
Bhí múinteoirí an-sásta go bhfuair siad pacaí gníomhaíochtaí teanga, leabhráin lán de smaointe do ranganna
teanga san Idirbhliain agus sa tSraith Shinsearach, póstaeir agus réimse leathan mataí teanga, acmhainní
teanga ar féidir iad a oscailt amach agus suaitheantais is féidir a ordú dá scoláirí. Bhí éileamh an-mhór ar
acmhainní don chlár bán atá le húsáid le scoláirí sa seomra ranga, éileamh a raibh súil leis.
Bhí spéis shuntasach i dtabhairt isteach teangacha iasachta sna bunscoileanna agus sa tionscadal ‘Cuir Fáilte
Roimh Theangacha’. Bhí spéis ag rannpháirtithe sa topaic seo ní hamháin mar mhúinteoirí, nó mar
thuismitheoirí le páistí san aoisghrúpa seo.
Deis iontach a bhí sa seastán chun bualadh le foireann mhór múinteoirí TIBÉ a chuireann ranganna teanga ar
fáil i scoileanna na hÉireann timpeall na hÉireann, chomh maith leis na céadta rannpháirtí eile sa Chruinniú
Mullaigh. A bhuí leis an bplé ar fad, bhíothas in ann aiseolas fiúntach a fháil ar acmhainní TIBÉ agus a fháil
amach cad atá cabhrach agus is fearr a oibríonn le linn na ranganna teanga.
Eispéireas dearfach a bhí i spéis agus rannpháirtíocht na múinteoirí dóibh siúd ar fad ar an seastán, rud a
chuir tuilleadh inspioráide ar fáil chun múineadh agus foghlaim teangacha a chur chun cinn tuilleadh i measc
an phobail seo agus chun tacú leis.
28
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -