Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 38
Oiliúint do Chúntóirí Teangacha Iasachta
agus Múinteoirí Comhoibrithe (MC)
175 CTI
346 CTI agus MC ag seisiún 1 CTI-MC
Gníomh. 1.C.3
15 Fisiún CTI-MC
Léargas Ginearálta:
Tá ról méadaitheach ag TIBÉ sa scéim Cúntóirí Teangacha Iasachta (CTInna) agus cuireann sé raon leathan
tacaíochtaí teagaisc agus foghlama ar fáil do CTInna agus dá Múinteoirí Comhoibrithe (MCanna). In 2023,
d’eagraigh agus bhainistigh TIBÉ an t-ionduchtú CTI den chéad uair thar ceann na Roinne Oideachais. Ba
chuid thábhachtach bhríomhar é seo den chéad Chruinniú Mullaigh de chuid Languages Connect, a
reáchtáladh i nDeireadh Fómhair 2023.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacaíocht a chur ar fáil d’eispéireas teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán do na scoláirí agus na
scoileanna ar éirigh leo seirbhísí CTI a fháil don scoilbhliain
•
Cuir chuige éifeachtacha teagaisc agus foghlama a scaipeadh a chuireann le timpeallacht foghlama atá
tarraingteach
•
Na torthaí foghlama is fearr a chinntiú do scoláirí, trí rath agus nuálaíocht i gcleachtais teagaisc agus
foghlama a phleanáil agus a spreagadh
Gníomhaíocht:
I mí an Mhárta 2023, d’óstáil TIBÉ imeacht ar líne chun forbairt na nasc a chur chun cinn, tríd an scéim CTI-MC,
idir scoileanna na hÉireann agus scoileanna i dtíortha na sprioctheangacha. Ag an imeacht seo, thug roinnt
scoileanna léargas ar an obair spreagúil atá déanta acu sa réimse seo chun cabhrú le scoileanna eile le hoibriú
lena CTInna chun naisc a thógáil le scoileanna i dtíortha na sprioctheangacha.
I mí Bealtaine 2023, d’óstáil TIBÉ seisiún eolais, leis an Roinnt Oideachais agus an Chigireacht, do scoileanna ar
éirigh leo ina n-iarratais CTI don scoilbhliain 2023-24. Díríodh sa seisiún seo ar phearsanra ábhartha a chur ar
fáil i scoileanna le tacaíochtaí tábhachtacha chun cabhrú leo ullmhú sular tháinig a CTI.
38
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -