Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 39
Bhuail ionadaithe TIBÉ le gníomhaireacht seolta na Gearmáine, Der Pädagogische Austauschdienst (PAD) i mí
Bealtaine 2023, chun tuilleadh a fhoghlaim faoin bpróiseas do CTInna sula dtagann siad go hÉirinn, agus chun
eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí atá ar fáil, agus an chaoi a bhféadfaí iad a fheabhsú i gcaitheamh na
scoilbhliana.
Ó mhí an Mheithimh ar aghaidh, méadaíodh an t-ullmhúchán do CTInna 2023-24. Chuir TIBÉ nuachtlitir le
chéile chun tacaíocht a chur ar fáil sular tháinig siad, mar aon le hacmhainn teagaisc agus foghlama ar líne
chun ligean do CTInna teagmháil a dhéanamh lena chéile sular tháinig siad agus chun acmhainní teagaisc
agus foghlama a d’fhéadfaidís a fhorbairt i gcaitheamh na bliana a roinnt lena chéile. I mí Mheán Fómhair,
thug TIBÉ sraith de sheisiúin ar líne isteach den chéad uair do mhúinteoirí comhordaithe chun cabhrú leo de
réir mar a d’ullmhaigh siad do na CTInna a bhí le teacht. Bhí aiseolas ó na seisiúin seo thar a bheith dearfach.
Chláraigh 171 CTI ar an iomlán don ionduchtú ag Cruinniú Mullaigh de chuid Languages Connect. Ba é seo an
chéad uair a d’eagraigh TIBÉ an t-ionduchtú bliantúil do na CTInna agus deis iontach a bhí ann do na CTInna
le tuilleadh a fhoghlaim faoi chóras oideachais na hÉireann, teagmháil a dhéanamh le CTInna eile agus
múinteoirí agus taitneamh a bhaint as an imeacht tarraingteach seo. Bhí ionadaithe ó TIBÉ agus an Roinn
Oideachais ar fáil chun léargas a thabhairt ar
thacaíochtaí atá ar fáil do CTInna agus bhí deiseanna
ann do cheisteanna agus freagraí.
Bhí deis ag CTInna freisin chun bualadh lena
gComhlach Naisc TIBÉ, a bhíonn ar fáil chun tacú leo i
gcaitheamh na scéime le ceisteanna teagaisc agus
foghlama a d’fhéadfadh a bheith acu. Ligeann an nasc
seo do CTInna teagmháil a dhéanamh lena gcomhlach
ag am ar bith agus tacaíocht agus treoir chuí a fháil.
Thug CTInna agus Comhlaigh Naisc araon le fios gur mhór an chabhair é seo dá gcuimsiú sa scéim.
Bhain CTInna leas as tacaíocht bhreise ag an imeacht chomh maith. Cuimsíodh seisiún breise mar chuid den
ionduchtú a dhírigh ar leideanna agus seifteanna praiticiúla don seomra ranga. Bhí an t-aiseolas ó CTInna thar
a bheith dearfach, agus dúradh go raibh an lá ‘faisnéiseach’, ‘úsáideach’, ‘dea-eagraithe’, ‘inspioráideach’,
‘tarraingteach’, agus ‘fáilteach’.
Chláraigh 346 CTI agus MC don chéad bhabhta de sheisiúin tacaíochta ar an láthair i mí Dheireadh Fómhair
2023. Chuir Oifigigh Oideachais agus Comhlaigh TIBÉ na seisiún ar fáil in ionaid ar fud na tíre thar thréimhse
coicíse, agus bhí rannpháirtithe in ann roghnú ó réimse leathan dátaí agus ionad. Féachadh sna seisiúin ar
smaointe chun comhoibriú a fhorbairt agus pleanáil don scoilbhliain.
Thacaigh TIBÉ le CTInna le Pobail Chleachtais thiomnaithe i Samhain 2023, agus bhí na comórtais bhliantúla ar
siúl trí Shamhain agus Nollaig 2023 chun comhoibriú leanúnach idir an fhoireann CTI agus MC a chur chun cinn.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
39