Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 4
Brollach
Fáiltím roimh an tuairisc bhliantúil de chuid Teangacha iar-bhunscoile Éireann, i gcomhthéacs an ról leanúnach
atá acu i gcur i bhfeidhm príomhghníomhartha Languages Connect – Straitéis do Theangacha Iasachta san
Oideachas in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an straitéis tacú le foghlaim fheabhsaithe teangacha iasachta i gcóras
oideachais na hÉireann agus cur leis na buntáistí do dhaoine aonair, don phobal agus don gheilleagar a
bhaineann le méadú ar éagsúlacht an tsoláthair.
Bhí ríméad orm an Tuarascáil Athbhreithnithe Eatramhaigh agus an Plean Cur i bhFeidhm go dtí 2026 a fhoilsiú
le déanaí, agus táim ag súil le tuilleadh dul chun cinn ó TIBÉ a fheiceáil agus iad ag leanúint de bheith ag tacú le
mo roinnse ina gcur i bhfeidhm. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le TIBÉ as an obair ar fad a rinne
siad chun Cruinniú Mullaigh de chuid Languages Connect a óstáil anuraidh, an tionól ba mhó a reáchtáladh do
mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta in Éirinn riamh. Deis iontach a bhí anseo chun ceiliúradh a dhéanamh ar
gach rud a baineadh amach ag an straitéis do na nuatheangacha iasachta go dtí seo chomh maith le deis a
thabhairt do mhúinteoirí teangacha iasachta a ngairm a cheiliúradh, spreagadh a fháil, a gcuid saineolais agus
taithí a roinnt lena chéile, iad féin a chur ar an eolas faoi thacaíochtaí agus acmhainní atá ar fáil ionas go mbeidh
siad cumasaithe agus ullmhaithe chun straitéis mo roinne a chur i bhfeidhm. Léiríodh corpas suntasach de
chleachtais nuálacha lenar áiríodh cinn i bpríomhréimsí straitéis Languages Connect amhail Foghlaim
Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT), malartuithe scoile, agus speictream leathan de theicneolaíochtaí
digiteacha, agus cuireadh in iúl go soiléir an teachtaireacht thábhachtach go bhfuil an breisteangachas agus an
t-ilteangachas araon ríthábhachtach do shochaí atá aontaithe, comhtháite agus daonlathach.
Bhí áthas orm fáilte a chur roimh scoláirí na hIdirbhliana ó cheann ceann na tíre chuig an Roinn Oideachais do
bhabhta ceannais an chomórtais #ThinkLanguages a bhí ar siúl le linn sheachtain #ThinkLanguages i mí na
Samhna 2023. Roghnaíodh trí fhoireann don bhabhta ceannais as níos mó ná 180 scoil agus 15,000 scoláire
Idirbhliana a ghlac páirt. Tugadh deis dóibh a dtaithí iomlán ar #ThinkLanguages a roinnt, mar aon leis an méid
a d’fhoghlaim siad faoin iliomad teangacha agus cultúr ina bpobal scoile, sa cheantar áitiúil agus ar fud an
domhain. Léirigh na scoláirí a ghlac páirt an-chuid díograise i bhfoghlaim teangacha iasachta agus léirigh siad
na buntáistí éagsúla is féidir leo a thabhairt dúinn go léir.
Tá TIBÉ tar éis gach rud a chur i dtreo chun Nuatheangacha Iasachta a thabhairt isteach i gcuraclam na bunscoile,
ag tacú linn chun an modúl samplach do bhunscoileanna, ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ a chur i bhfeidhm. Tá
ríméad orm go rabhamar in ann an tríú bliain den chur i bhfeidhm a mhaoiniú don bhliain acadúil 2023-24. Tá
1,200 scoil agus 80,000 dalta ag glacadh páirte, le raon éagsúil teangacha á gcur ar fáil do dhaltaí. Is fianaise í
éagsúlacht na dteangacha atá á múineadh mar chuid den mhodúl ar an tsochaí ilchultúrtha ilteangach ina
mairimid, agus cuireann an modúl ardán ar fáil chun feasacht a ardú i measc na ndaltaí ar éagsúlacht na
dteangacha atá á n-úsáid ag a bpiaraí ina scoileanna agus ina bpobal. Táimid ag féachaint anois ar conas is féidir
le ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ tacaíocht bhreise a thabhairt do chur i bhfeidhm thabhairt isteach na
Nuatheangacha Iasachta sa bhunscoil.
4
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -