Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 41
Lámhleabhar Oideolaíochta agus Modheolaíochtaí Nuálacha
Gníomh 1.C.1
6 Phodchraoladh
3 Acmhainn Idirbhliana
1 Acmhainn dirbhliana
taifeadta
athfhorbartha
forbartha
Léargas Ginearálta:
Chun cur le caighdeán an teagaisc agus leanúnachas a chinntiú, forbraíonn TIBÉ
acmhainní agus ranganna teagaisc ar mhodheolaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear
eiseamláirí den dea-chleachtas a ligeann do mhúinteoirí agus a scoláirí dul i ngleic le
teanga bharántúil. Cuimsítear le scóip na hoibre seo cruthú podchraoltaí do mhúinteoirí
NTI, acmhainní Idirbhliana, ranganna teagaisc ar Theicneolaíocht Dhigiteach, agus foireann
uirlisí agus suíomh gréasáin ‘Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna’.
Príomhaidhmeanna:
•
Ardán a chur ar fáil do mhúinteoirí chun smaointe éifeachtachta a roinnt lena gcur i bhfeidhm
go praiticiúil sa seomra ranga
•
Glacadh le modheolaíochtaí nuálacha teagaisc a chothú thar na teangacha uile
•
Acmhainní praiticiúla agus ranganna teagaisc a chur ar fáil do mhúinteoirí chun cur le caighdeán an
teagaisc
•
Rannpháirtíocht bharántúil teanga a chur chun cinn i measc múinteoirí agus scoláirí trí éagsúlacht
acmhainní agus eiseamláirí dea-chleachtais
Gníomhaíocht:
Fiosraíodh agus forbraíodh réimse leathan modheolaíochtaí nuálacha le linn 2023 agus tá an t-athbhreithniú
ar acmhainní TIBÉ reatha ar siúl fós. Cuireadh tús le comhoibriú le hOide Teicneolaíocht san Oideachas chun
athbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh gréasáin agus acmhainní reatha de chuid DigiTech (Teicneolaíocht
Dhigiteach).
Plé na Múinteoirí NTI
Sa bhliain 2023, chruthaigh TIBÉ an podchraoladh ‘Plé na Múinteoirí NTI’ agus thaifead siad sé chlár i
gcomhpháirt le múinteoirí inseirbhíse. Déanann gach clár ceiliúradh ar obair múinteoirí teanga éagsúla, i
suíomhanna scoile éagsúla, trí ghuth a thabhairt dóibh agus ligean dóibh scéalta a insint óna seomraí ranga,
scéalta ratha agus dúshláin san áireamh. Cuireadh na podchraoltaí amach ag amanna ábhartha i gcaitheamh
na scoilbhliana.
Ba iad téamaí na gclár:
1. Teangacha a Chur Chun Cinn
2. Cúntóir Teangacha Iasachta a Óstáil
3. Mo Sheomra Ranga NTI
4. Tacú leis an gCuimsiú in NTI
5. Buntáistí na Malartuithe in NTI
6. Leanúint le Foghlaim Teangacha i gCaitheamh an tSamhraidh
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
41