Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 42
Modúil Idirbhliana do Thosaitheoirí
Rinneadh uasdátú ar ‘Mhodúil Idirbhliana do Thosaitheoirí’ sa Ghearmáinis, sa Spáinnis, agus san Iodáilis, agus
forbraíodh modúl nua Fraincise. Deartar na modúil seo do scoláirí atá ag tosú ar theanga nua a fhoghlaim san
Idirbhliain ach is féidir iad a chur in oiriúint lena n-úsáid le scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí nó scoláirí
GCAT. Tá rogha tascanna ag gach modúl, agus cuimsítear le mír na múinteoirí ag tosach an leabhair léargas ar
an topaic, cur síos ar an tasc, agus torthaí foghlama.
Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna (ILAOS)
Tugann ILAOS creat do scoileanna ar mhaith leo dul i ngleic leis an ngné idirchultúrtha sa scoil. In 2023,
forbraíodh físeán a léiríonn an fhoireann uirlisí i ngníomh agus an chaoi a raibh tionchar dearfach aici ar
scoileanna agus an chaoi ar chabhraigh sí leo. Tá an físeán ar fáil ar shuíomhanna gréasáin ILAOS agus TIBÉ
agus úsáideadh é chun buntáistí na foirne uirlisí i scoileanna a chur chun cinn.
Reáchtáladh Pobail Chleachtais (PCanna) chomh maith do scoileanna atá ag cur foireann uirlisí ILAOS i
bhfeidhm agus cuireadh an suíomh gréasáin chun cinn ag imeachtaí éagsúla chun scoileanna breise a
mhealladh.
Tionchar:
•
Léirigh anailísíocht ar an bpodchraoladh ‘Plé na Múinteoirí NTI’ go raibh fáilte an-dearfach roimhe agus
seinneadh na cláir 1,500 uair le breis is 3,000 taispeáint ar Spotify
•
Thug acmhainní athfhorbartha peirspictíocht nua uasdátaithe do mhodúil Idirbhliana
•
Rinne naisc go hábhar ábhartha, agus uirlisí a bhí aoisoiriúnach agus oiriúnach don chéim, rinne siad níos
tarraingtí iad do scoláirí Idirbhliana
•
D’iarr múinteoirí tacaíochta leagan Fraincise de na modúil reatha. Forbraíodh acmhainn nua chun cabhrú
le múineadh na teanga le tosaitheoirí. Ligeann sé seo do mhúinteoirí an Fhraincis a thabhairt isteach do
scoláirí nua san Idirbhliain nó san Ardteistiméireacht Fheidhmeach
Na chéad chéimeanna eile
•
Leanfar ar aghaidh de bheith ag cur na bpodchraoltaí chun cinn ag amanna ábhartha sa bhliain m.sh.
‘Cúntóir Teangacha Iasachta a Óstáil’ a chur chun cinn ag an am céanna le hoscailt na n-iarratas ar an
scéim CTI
•
Déanfar athbhreithniú ar na ‘Modúil Idirbhliana do Thosaitheoirí’ sa tSínis, sa Chóiréis, sa Liotuáinis, sa
Pholainnis, sa Phortaingéilis agus sa Rúisis agus forbrófar leagan nua don Rómáinis
•
Déanfar uasdátú ar na ranganna teagaisc reatha ar shuíomh gréasáin Theicneolaíocht Dhigiteach do
Theangacha agus forbrófar ranganna nua le freastal ar riachtanais reatha na múinteoirí teanga
•
Leanfar ag cur ILAOS chun cinn, le Comhlaigh TIBÉ ag tacú le buntáistí an chreata. Leanfaidh PCanna de
bheith ag tacú le scoileanna atá ag baint úsáid as an fhoireann uirlisí
42
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -