Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 43
Spotsolas ar Scoileanna
Gníomh 1.C.1
3 Thuairisc
Léargas Ginearálta:
Léiríonn an tsraith Spotsolas ar Scoileanna dea-chleachtas na rannóg agus na múinteoirí Nuatheangacha
Iasachta (NTI) ó áiteanna ar fud na hÉireann. Leagtar amach gach spotsolas ar bhealach praiticiúil chun na
heiseamláirí seo a chur in iúl agus a thaispeáint.
Príomhaidhmeanna:
•
Cuid den obair iontach atá á déanamh in oideachas NTI i scoileanna na hÉireann a thaispeáint
•
Dea-chleachtas a roinnt i measc na múinteoirí NTI
•
Múinteoirí NTI a spreagadh le foghlaim óna chéile
•
Tacú le modheolaíochtaí teagaisc nuálacha a spreagadh agus tacú le scaipeadh na modheolaíochtaí céanna
Gníomhaíocht:
Taispeánadh trí smaoineamh éagsúla i Spotsolas
ar Scoileanna i gcaitheamh 2023:
1. Cuimsiú a chur chun cinn i gColáiste Ard Feá
Is é aidhm atá leis an tionscadal ná dul i ngleic le
míbhuntáiste oideachais sna teangacha ach cuimsiú a
chur chun cinn trí cheiliúradh a dhéanamh ar chultúr,
ar theangacha agus ar oidhreacht trí dhul i
gcomhpháirtíocht le Clár Erasmus+.
2. Eispéiris Foghlama Traschuraclaim a chruthú in Ardscoil Rís
Bhain an tionscadal leas as scileanna sprioctheanga na scoláirí agus as a n-inniúlacht ilchultúrtha trí
eispéireas tumthach ionsamhlaithe sa chéad phearsa.
3. Bosca Cultúir a úsáid i bPobalscoil Ghuaire.
Uirlis foghlama agus teagaisc is ea ‘Bosca Cultúir’ a nascann cultúir éagsúla agus a dhéanann leathnú ar
fhéidearthachtaí i dteagasc agus foghlaim teangacha eile. Uirlis chumarsáide thraschultúrtha atá ann
chomh maith, a nascann eolas na scoláirí ar theangacha agus cultúir leis an domhan taobh amuigh den
seomra ranga.
Tionchar:
•
Tá eiseamláirí dea-chleachtais ar fáil do mhúinteoirí chun cabhrú le FGL féinstiúrtha
•
Aiseolas dearfach ó mhúinteoirí NTI agus níos faide i gcéin
Na chéad chéimeanna eile:
•
Tá tuilleadh Spotsolas ar Scoileanna beartaithe in 2024
•
An taispeántas a leathnú chun dea-chleachtas sa chomhthéacs bunscoile a chuimsiú, m.sh., modúl
samplach teanga do bhunscoileanna
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
43