Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 44
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Gníomh. 1.C.11
55 Múinteoir TIBÉ
Léargas Ginearálta:
Le linn 2023, lean TIBÉ dá thiomantas tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí teangacha nua agus
tearctheagasctha. Rinneadh seisiúin chuimsitheacha FGL trí idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh agus
ardáin ar líne, inar tugadh aghaidh ar réimsí topaicí a bhí bunaithe ar riachtanais aitheanta a chuir na
múinteoirí in iúl.
Príomhaidhmeanna:
•
Cur le soláthar teangacha agus é a choinneáil
•
Tacú le tabhairt isteach na sonraíochtaí nua teanga don Ardteistiméireacht
•
Tacú le riachtanais múinteoirí maidir le FGL, comhoibriú le piaraí agus folláine
•
Tacú le múinteoirí chun ranganna teanga a chur ar fáil i láthair go pearsanta, ar líne mar aon le ranganna
cumaisc
Gníomhaíocht:
Tá cuairteanna scoile agus breathnóireacht ranga ar na príomh-mhodhanna tacaíochta fós do mhúinteoirí
reatha na dteangacha nua (Polainnis, Liotuáinis, Portaingéilis agus Mandairínis). In 2023, cuireadh tús le
hiarracht dhírithe chun tacú le múinteoirí glacadh le cur chuige scoile uile. Is éard a bhí i gceist leis seo ná
treoir a sholáthar ar oideolaíocht trí bhreathnú ranga agus forbairt ábhar a éascú trí rannpháirtíocht le
bainistíocht na scoile agus le comhghleacaithe amhail na comhordaitheoirí NTI, Treoirchomhairleoirí, agus
Comhordaitheoirí Riachtanais Speisialta Oideachais.
Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais aitheanta na múinteoirí, reáchtáladh seisiúin FGL a chlúdaigh réimsí
amhail Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, athbhreithniú curaclaim, Pobal Cleachtais, agus
piarbhreathnóireacht. Eagraíodh FGL agus ceardlanna chun tacú le múinteoirí dul i dtaithí ar
44
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -