Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 45
mhodheolaíochtaí maidir le teagasc ar líne agus teagasc cumaisc. Cuireadh cúnamh ar fáil chun tacú le
múinteoirí an próiseas cláraithe ábhair leis an gComhairle Mhúinteoireachta a thosú agus a chur i gcrích. Tá
formhór na múinteoirí TIBÉ i mbun cláraithe, rud atá suntasach. D’éirigh le hochtar díobh a gclárú ábhair a
chur i gcrích in 2023.
Tionchar:
•
Cuirtear fáilte roimh chuairteanna scoile agus breathnóireacht ranga mar mhodhanna éifeachtachta
tacaíochta do mhúinteoirí teangacha nua.
•
Cuirtear fáilte roimh FGL agus ceardlanna speisialaithe dá solúbthacht i dtírdhreach oideachais atá ag
síorfhorbairt.
•
Aithnítear an cúnamh a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí sa phróiseas cláraithe ábhair leis an gComhairle
Mhúinteoireachta mar thacaíocht ríthábhachtach, le formhór na múinteoirí gníomhach sa phróiseas.
D’éirigh le hochtar a gclárú a chur i gcrích in 2023.
•
Ar an iomlán, leagann an t-aiseolas béim ar rath TIBÉ maidir le tacaíocht spriocdhírithe, chomhoibríoch
agus oiriúnaitheach a sheachadadh, ag cur go mór le forbairt ghairmiúil múinteoirí, agus ag cur le
cleachtais oideachais teanga.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí le linn dóibh teangacha curaclaim a cuireadh leis an
gcuraclam le déanaí a chur i bhfeidhm
•
Leanúint le rannpháirtíocht a spreagadh san oiliúint atá ar fáil i scoileanna agus níos faide i gcéin
•
Leanúint le múinteoirí a spreagadh chun bogadh ó bheith ina rannpháirtithe FGL go daoine a chuireann
leis an FGL
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
45