Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 46
Tionscadal Taighde: Tábhacht na dTeangacha Iasachta
sa tSraith Shinsearach a Thuiscint
Cuireadh agallamh ar 60 Scoláire
Gníomh. 1.C.9
6 Scoil Rannpháirteach
Léargas Ginearálta:
Tá roinnt tionscadal taighde déanta ag TIBÉ le blianta beaga anuas, ag díriú ar dhearcadh scoláirí na Sraithe
Sóisearaí i leith staidéar a dhéanamh ar theangacha iasachta a mheas.
Príomhaidhmeanna:
•
Taighde a dhéanamh chun dearcadh scoláirí na Sraithe Sóisearaí i leith staidéar a dhéanamh ar
theangacha iasachta a thuiscint nuair a tugadh isteach curaclam nua na Sraithe Sóisearaí.
•
Fiosrú a dhéanamh ar ról na scoileanna agus na múinteoirí maidir le foghlaim agus roghnú teanga a chur
chun cinn
Gníomhaíocht:
Reáchtáladh sraith de shé agallamh grúpa (mhair gach cruinniú uair an chloig) le scoláirí na Sraithe Sóisearaí
sa dara bliain in 2023. Sna grúpaí seo bhí daoine a bhí ag déanamh staidéar ar theanga iasachta agus daoine
nach raibh. Chun measúnú a dhéanamh ar an athrú atá tagtha ar dhearcthaí i leith staidéar a dhéanamh ar
theangacha le himeacht ama, dearadh an cur chuige taighde le bheith ag teacht leis an gceann a rinneadh in
2019 nuair a chuaigh TIBÉ i ngleic leis an gcohórt seo den chéad uair.
Beidh tuilleadh ama ag teastáil chun athrú i ndearcthaí na scoláirí a fheiceáil. Léirigh an taighde gur
roghnaigh go leor scoláirí teanga iasachta toisc go bhfuil sé riachtanach ceann a dhéanamh ina scoil. Is minic
nach gcreideann na daoine a roghnaíonn gan staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta go mbeidh siad faoi
bhuntáiste amach anseo agus sa chomhthéacs seo, luann siad coitiantacht an Bhéarla mar theanga
idirnáisiúnta, agus labhraíonn siad faoi dhaoine fásta eile timpeall orthu atá ‘ag déanamh go maith gan
teanga iasachta’.
Agus a n-eispéiris foghlama teanga á bplé acu, is minic go luann scoláirí tionchar na múinteoirí. Léiríonn
roinnt múinteoirí feidhmeanna praiticiúla na teanga. Léiríonn siad tairbhe na teanga, rud a thugann
spreagadh do na scoláirí. É sin ráite, cuireann múinteoirí eile béim ar an tábhacht a bhaineann le torthaí
maithe agus pas a fháil sna scrúduithe, rud a chuireann lagmhisneach ar roinnt scoláirí. Tuairiscíonn roinnt
scoláirí a roghnaíonn gan staidéar a dhéanamh ar theanga go mbíonn deacrachtaí acu le hábhar an chúrsa
agus go samhlaíonn siad foghlaim de ghlanmheabhair agus ualach oibre atá trom atriallach le foghlaim
teanga.
Go traidisiúnta, bhíodh riachtanais iontrála máithreánaigh ina spreagadh ag scoláirí chun staidéar a
dhéanamh ar theanga. Níl teangacha iasachta riachtanach do go leor cúrsaí níos mó, ach bíonn claonadh i
gcuid mhaith scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta chun níos mó roghanna a bheith acu.
Labhraíonn scoláirí go dearfach maidir le ranganna a bhíonn idirghníomhach agus tarraingteach, ranganna
ina mbíonn níos mó i gceist seachas téacsleabhar a léamh nó nótaí a bhreacadh síos ón gclár bán.
46
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -