Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 47
Cuimsítear le hidirghníomhaíocht níos fearr, idirghníomhaíocht níos mó ón múinteoir le linn an ranga mar
aon le comhráite agus cleachtaí idirghníomhacha a dhéanann an fhoghlaim níos spraíúla. Má táthar chun cur
le líon na scoláirí a roghnaíonn teanga iasachta, teastaíonn cinnteacht níos fearr ó na scoláirí go mbíonn
ranganna teanga iasachta suimiúil agus tarraingteach, seachas ranganna a dhíríonn ar fhoghlaim de
ghlanmheabhair amháin.
Tionchar:
•
Tuiscint níos fearr ar na tosca a imríonn tionchar ar chinntí na scoláirí maidir le roghnú ábhair
•
Léargas níos fearr ar chonstaicí a chuireann bac ar roinnt scoláirí teanga iasachta a roghnú, agus léargas ar
an gcaoi a bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar roinnt de na constaicí seo
Na chéad chéimeanna eile
•
Leanúint de shuirbhéanna tréimhsiúla a dhéanamh ar dhearcthaí agus eispéiris scoláirí maidir le foghlaim
teangacha iasachta
•
Acmhainní a fhorbairt agus a chur chun cinn a thacaíonn le hidirghníomhaíocht agus rannpháirtíocht
mhéadaithe sa seomra ranga
•
Leanúint de dhaoine a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar
theanga ag an dara leibhéal, lena n-áirítear na tras-scileanna a fhorbraítear agus teangacha á bhfoghlaim
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
47