Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 48
Comhoibriú le Soláthróirí Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM)
Gníomh 1.C.1
1.C.11
7 Sholáthróir OTM
Léargas Ginearálta:
I gcaitheamh 2023, lean TIBÉ ar aghaidh ag comhoibriú le soláthróirí Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) agus le
mic léinn atá ag ullmhú le bheith ina múinteoirí teanga.
Príomhaidhmeanna:
•
Déan teagmháil le soláthróirí OTM agus comhoibriú a dhéanamh ar thionscadail a thógann cumas
múinteoirí teanga amach anseo
•
Aird a tharraingt ar an obair a dhéanann TIBÉ mar aon leis na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí
réamhsheirbhíse
•
Acmhainní agus tacaíochtaí a chur ar fáil don dea-chleachtas agus don fhorbairt ghairmiúil leanúnach
Gníomhaíocht:
Lean TIBÉ d’aoi-léachtaí agus seisiúin oiliúna a chur ar fáil do
réimse soláthróirí OTM le linn na bliana acadúla. I mí Mheán
Fómhair 2023, d’éascaigh TIBÉ an comhoibriú is fearr san
earnáil seo go dtí seo nuair a tugadh cuireadh do gach
múinteoir teanga atá le teacht ó Bhliain 4 de chláir oideachais
fochéime (BEds), agus do gach mac léinn Mháistir Ghairmiúil san
Oideachas (MGO – Máistir Gairmiúil san Oideachas), ón gColáiste
Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ó Ollscoil Luimnigh, ó
Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ó Ollscoil na Gaillimhe, agus ó
Ollscoil Mhá Nuad le freastal ar lá uasoiliúna ar FCÁT a
reáchtáladh in Ollscoil Mhá Nuad. Chun tuilleadh eolais a fháil
maidir leis an imeacht seo, féach cuid FCÁT den tuarascáil seo.
48
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -