Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 50
Pobail Chleachtais Nuatheangacha Iasachta (NTI)
Breis is 35 Pobal Cleachtais
Gníomh. 1.C.5
300 múinteoir i láthair
Léargas Ginearálta:
Cruinnithe múinteoirí, a bhfuil suim choiteann i
dteangacha agus i múineadh teangacha acu, a
thagann le chéile go rialta chun dea-chleachtais a
roinnt, chun eolas nua a chruthú agus chun smaointe
a mhalartú. Sin atá i gceist le Pobail Chleachtais
(PCanna) TIBÉ. Éascaíonn TIBÉ PCanna réigiúnacha ar
fud na hÉireann, trí chomhoibriú le hIonaid Oideachais
agus scoileanna áitiúla. Braitheann gníomhaíochtaí na
bPobal Cleachtais ar na rannpháirtithe agus tá siad
bunaithe ar chóimheas agus muinín, rud a spreagann
fonn chun smaointe a roinnt, dúshláin a phlé,
ceisteanna a chur, éisteacht le daoine eile agus
fadhbanna a réiteach.
Príomhaidhmeanna:
•
Pobail réigiúnacha múinteoirí NTI a bhunú agus a thógáil in Éirinn
•
Spás a éascú chun go dtiocfaidh múinteoirí NTI le chéile ann chun dea-chleachtas a roinnt
Gníomhaíocht:
D’éascaigh Comhlaigh TIBÉ Pobail Chleachtais ar an láthair agus ar líne ar fud na tíre. Tá PCanna, mar
fhreagairt ar riachtanais múinteoirí NTI, tar éis athrú chun fócas téamach a chuimsiú, rud a ligeann do
mhúinteoirí freastal ar na seisiúin is fearr a fhreastalaíonn ar a riachtanais aonair. Bhí freastal maith ar PCanna,
go háirithe na cinn a bhí tiomnaithe do thacú le tionscail a stiúir TIBÉ nó ar thacaigh sé leo, amhail teangacha a
chur chun cinn leis an bhFoireann Uirlisí Oíche Oscailte, an scéim Cúntóirí Teangacha Iasachta,
ILAOS (Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna), agus #ThinkLanguages.
Tionchar:
•
Líonrú múinteoirí NTI a raibh deiseanna comhroinnte agus comhoibrithe mar thoradh air
•
Plé fiúntach ar thopaicí a gcuirtear spéis iontu i réigiúin ar leith
•
Spreagadh agus díograis mhéadaithe i leith theagasc teangacha trí eispéiris agus scéalta
ratha a roinnt laistigh de PCanna
Na chéad chéimeanna eile:
•
Suirbhé a dhéanamh ar mhúinteoirí NTI chun riachtanais atá ag teacht chun cinn a fháil
amach
•
PCanna téamacha a eagrú chun fóram a chur ar fáil do mhúinteoirí chun smaointe ar na topaicí seo a
mhalartú
50
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -