Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 51
Comhlaigh TIBÉ
Gníomh 1.C.11
16 Chomhlach TIBÉ
Léargas Ginearálta:
Is múinteoirí teanga dara leibhéal iad Comhlaigh TIBÉ, atá bunaithe i réigiúin ar fud na hÉireann, atá
tiomnaithe do chabhrú le TIBÉ príomhghníomhartha a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i Straitéis
Languages Connect. Cuimsítear lena ról cumas réigiúnach a thógáil agus tionchar TIBÉ a leathnú.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacaíonn Comhlaigh TIBÉ le hobair TIBÉ agus tá sé mar aidhm acu a bheith ina gceannairí maidir le deachleachtas, trína gcuid eolais agus eispéireas a roinnt ag comhdhálacha Pobail Cleachtais, agus ag
comhdhálacha Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí.
•
Bíonn Comhlaigh TIBÉ i dteagmháil le croífhoireann TIBÉ chun aiseolas lena mbaineann comhthéacs a
thabhairt óna seomra ranga teanga, mar aon le comhairle maidir le conas is fearr nasc a dhéanamh le
scoileanna
Gníomhaíocht:
Éascaíonn na Comhlaigh Pobail Chleachtais NTI, cuireann siad oiliúint ar chúntóirí teanga ag leibhéal grúpa
agus aonair, feidhmíonn siad mar mheantóirí do Chúntóirí Teangacha Iasachta (CTInna) agus múinteoirí
teangacha nua agus déanann siad ionadaíocht ar TIBÉ ag imeachtaí éagsúla a bhaineann le teangacha amhail
comhdhálacha Líonra Proifisiúnta Múinteoirí.
In 2023, lean an fhoireann Chomhlach de bheith ag forbairt, le béim shuntasach ar thacaíocht a fheabhsú don
scéim Cúntóirí Teangacha Iasachta (CTI). Cuireadh bearta nua i bhfeidhm chun ról na gComhlach i ndáil le
CTInna a neartú, lena n-áirítear cohórt CTInna a shannadh do gach Comhlach agus iad a ainmniú mar
phríomhphointe teagmhála le haghaidh aon cheisteanna a bhaineann le teagasc agus foghlaim.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
51